Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 16:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 go dtiubhradh sé foláireamh dhóibh, ar eagla go dtiocfaidís san áit seo na péine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Mar tá cúigear deartháir agam, ionas go dtuga sé rabhadh dóibh sa dóigh nach dtagann siad go teach seo na bpianta.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Óir tá cúig dearbhráithre agam, go dtugaidh sé fiadhnaise dóibh, ar eagla go dtigeadh siad-san fosta isteach san áit seo na bpian.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Oir atáid cúigear dearbhrathar agam; do thabhairt sgéul dóibh, ionnus nach dtiocfaidh siadsan mar an gcéadna ann sa nionadsa na péine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 óir tá cúigear deartháireacha agam–chun go dtabharfaidh sé fios an scéil dóibh dʼeagla go dtiocfaidís sin freisin san áit seo na bpiolóidí.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:28
16 Tagairtí Cros  

Agus adubhairt sé, Athchuinghim ort, d’á bhrigh sin, a athair, é do chur go tigh m’athar, óir atá cúigear dearbhráthar agam;


Agus d’órduigh sé dhúinn labhairt leis na daoinibh agus a dhearbhú gur ab eisean an té atá ceaptha ag Dia chum bheith ’n‐a bhreitheamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh.


Acht nuair tháinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do labhair Pól an briathar le lán‐dúthracht, g‐á dhearbhú do na h‐Iúdachaibh gur ab é Íosa an Críost.


Agus do bhrostuigh agus do spreag sé iad le n‐a lán briathar eile, g‐á rádh, Coimhéadaidh sibh sibh féin saor ó’n droch‐gheinealach so.


ag brostú na nIúdach agus na nGréagach chum aithrighe chum Dé, agus chum creidimh ’n‐ár dTighearna Íosa Críost.


acht amháin go bhfuil an Spiorad g‐á dhearbhú dhom ins gach cathair gur géibheann agus géirleanmhain atá fá mo chómhair.


Acht ní h‐é m’anam is cás liom, mar bhéadh cion agam air, acht go gcóimhlíonfad mo chúrsa, agus an mhiniostrálacht fuaras ó’n Tighearna Íosa soiscéal grása Dé do chraobhscaoileadh.


Agus an oidhche ’n‐a dhiaidh sin, do sheas an Tighearna le n‐a ais, agus adubhairt, Bíodh meisneach agat: óir fá mar atá fiadhnaise déanta agat im’ thaobh i nIarúsalem, caithfidh tú fiadhnaise do dhéanamh san Róimh, leis.


Acht, ó fuaras an chabhair thagas ó Dhia, táim im’ sheasamh go dtí an lá so, ag tabhairt fiadhnaise do bheag agus do mhór, gan rud ar bith a rádh acht an méid adubhairt na fáidhe agus Maois do bheith le teacht;


Agus nuair do shocruigheadar leis ar lá, tháinig a lán aca ’n‐a lóistín chuige; agus do mhínigh sé ríoghacht Dé dhóibh, ag tabhairt fiadhnaise air, ag iarraidh a mbaineann le h‐Íosa do chruthú dhóibh as reacht Maoise agus as na fáidhibh, ó mhaidin go tráthnóna.


Annsin, tar a éis dóibh fiadhnaise do thabhairt agus briathar an Tighearna do labhairt, d’fhilleadar go h‐Iarúsalem, agus do chraobhscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de bhailtibh beaga na Samáritánach.


Dearbhuighim arís do gach duine timcheall‐ghearrthar, go bhfuil sé d’fhiachaibh air an dlighe ar fad do chóimhlíonadh.


Is é adeirim d’á bhrigh sin, agus fhógraim daoibh san Tighearna, gan siubhal feasta ar nós na gCineadhach,


mar tá a fhios agaibh go rabhamar le gach duine agaibh mar bhéadh athair le n‐a chlainn féin, ag tabhairt meanman agus meisnigh dhaoibh,


gan a bhráthair do mhealladh nó do shárú san gcás so: óir agrann an Tighearna díoghaltas i ngach cás d’á leithéidibh sin, do réir mar thugamar rabhadh agus fógra ’n‐a dtaobh dhaoibh cheana.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí