Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Do bhí an reacht agus na fáidhe ann go dtí aimsear Eoin: ó’n tráth sin atá soiscéal ríoghachta Dé d’á chraobhscaoileadh, agus atá gach aoinneach ag teannadh isteach innti.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí Eoin; agus ó shin tá an dea-scéal á chraobhscaoileadh i dtaobh ríocht Dé, agus gach duine ag brú isteach ann le láimh láidir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Bhí an dlighe agus na fáidhe ann go dtí Eoin: ó shoin tá ríoghacht Dé dá craobhscaoileadh, agus tá gach aoinneach ag déanamh foiréigin uirthí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Do bhí an reachd agus na faighe ann go teachd Eóin: ó shin a leith atá rioghachd Dé dhá shiosgéuluhadh, agus atá gach uile dhuine ag déanamh foiréigin air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé dá fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 “Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:16
21 Tagairtí Cros  

Agus, sa tslighe dhaoibh, bidhidh ag craobhscaoileadh, g‐á rádh, Atá rioghacht neimhe i ngiorracht daoibh.


An rud théigheas isteach sa mbéal, ní h‐é sin shaluigheas an duine; acht an rud théigheas amach as an mbéal, is é sin shaluigheas an duine.


Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


As sin amach do thosnuigh Íosa ar sheanmóir, g‐á rádh, Déanaidh aithrighe: óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.


Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé,


Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.


croithimís dínn é ’n‐bhúr n‐aghaidh: acht cheana, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé druidthe libh.


agus leigheasaidh na daoine breoite sa gcathair sin, agus abraidh leo, Atá ríoghacht Dé druidthe libh.


Acht adubhairt Abracham, Atá Maois agus na fáidhe aca; éistidís leo‐san.


Agus adubhairt sé leis, Muna n‐éistid le Maois agus leis na fáidhibh, ní mó ’ná sin do chreidfidís, dá n‐éirigheadh duine ó na marbhaibh.


Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán.


Fuair Pilib Natanaél, agus adubhairt sé leis, Fuaramar an té úd ar ar scríobh Maois sa reacht, agus na fáidhe, Íosa Nasardha, mac Sheosaimh.


Má leigimíd dó ar an gcuma so, creidfidh gach uile dhuine ann: agus tiocfaidh na Rómhánaigh agus scriosfaidh siad ár n‐áit agus ár gcineadh.


Adubhairt na Fairisínigh, d’á bhrigh sin, eadortha féin, Do‐chí sibh nach bhfuil ag éirghe libh ar chor ar bith: féach, atá an saoghal go léir imthighthe ’n‐a dhiaidh.


Acht is ar an gcuma sin do chóimhlíon Dia an méid a thug Dia le tuigsin daoibh roimh ré tré bhéal na bhfáidh go léir, go gcaithfeadh a Chríost fulang.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí