Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:11 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

11 D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

11 Mar sin, mura raibh tú iontaofa faoi thoice éagórach an tsaoil seo, cé a thaobhóidh an saibhreas fírinneach libh?

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

11 Ar an adhbhar sin, muna raibh síbh dílis san tsaidhbhreas bhréagach, cé thaobhfas é sin atá fíor libh?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 D’á bhrigh sin, muna rabhabhar dílis i saidhbhreas na ceilge, cia chuirfeas fá n‐bhúr gcúram an saidhbhreas fírinneach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

11 Ar a nadhbharsin muna rabhabhairse fírinneacch ann sa tsaidhbhreas bhréagach, cia tháobhtas an saidhbhreas fírinneach ribh?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

11 Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

11 Dá bhrí sin, mura raibh sibh iontaofa faoin airgead mímhacánta, cé a thaobhóidh libh an saibhreas fírinneach?

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:11
9 Tagairtí Cros  

Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Agus murar dílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin?


Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.


Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí