Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis an saidhbhreas claon so, i dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus deirim libhse cairde a sholáthar daoibh féin le cuidiú toice an tsaoil seo na héagóra, chun go nglacfar isteach sibh sna háitribh shíoraí nuair a bhíonn a résean caite.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus deirim-se libh: Déanaigidh cáirde díbh féin de mhammon na h-urchóide; ionnas, nuair a bhéas sibh i n-easbaidh, go nglacaidh siad isteach ins na h-áruis síorraidhe síbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus adeirim libh, Déanaidh cáirde dhaoibh féin le saidhbhreas na mí‐chneastachta; i dtreo, nuair bhéas easbaidh oraibh, go nglacfaidís isteach ins na puiblibh síorraidhe sibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus a deirinsi ribh, Déanuidh cáirde dhibh féin lé sáidhbhreas na héagcóra; ionnus an tráth bhías uireasbhuibh oruibh, go nglacfuidh sibh ann a lóisdinibh siorruidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus deirim féin libh, déanaigí cairde daoibh féin leis an airgead mímhacánta, ionas, nuair a chlisfidh sé, go nglacfaidh siad isteach sibh sna bothanna síoraí.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:9
28 Tagairtí Cros  

Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.


Ná cúmhdaighidh stór daoibh fein ar an dtalamh so, mar a ndeinid na leómhain agus an mheirg é dh’ídiú, agus mar a ndeinid na bitheamhnaigh é thóch agus é ghuid.


Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.


Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.


Díolaidh a bhfuil agaibh agus tugaidh déirc uaibh; deinidh daoibh féin sparáin ná críonfaidh, stór ins na flathais ná caillfidh oraibh; ná guidfidh bitheamhnach uaibh; ná millfidh leómhan oraibh.


Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.


D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach?


Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus mammon.


Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.


A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé.


Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí