Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Mhol an máistir an maor éagórach as a fhadcheannacht; mar is glice iad clann an tsaoil seo ná clann an tsolais sa mhéid a bhaineas lena saol féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Agus mhol an tighearna an stuibhard mí-ionnraic, de bhrígh go ndearna sé críonnacht: óir is críonna clann an tsaoghail seo do réir a gcinéil féin ná clann an tsoluis.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do mhol an tighearna an feallaire maoir toisc go ndearna sé é go cliste: óir is glice clann an tsaoghail seo de réir a gcinéil féin ná clann an tsolais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do mhol an tighearna sdíobhard na héugcóra, do bhrigh go ndearuidh sé ní glic: oír is glíoca clann an tsáoghailsi ná clann an tsolais iona gcinél féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Agus mhol an máistir an maor mímhacánta mar go ndearna sé go géarchúiseach é; óir bíonn clann an tsaoil seo níos géarchúisí lena leithéidí féin ná clann an tsolais.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:8
23 Tagairtí Cros  

Agus an t-é a dhéarfaidh focal i n-aghaidh Mhic an Duine, maithfar dó é; ach an t-é a dhéarfaidh i n-aghaidh an Spioraid Naoimh é, ní maithfar dó é, ar an saoghal so ná ar an saoghal atá le teacht.


Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.


An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis.


Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé.


Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh.


Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart;


Agus dubhairt Íosa leó: Pósaid agus tugtar le pósadh clann an tsaoghail seo.


Ach an mhuintir go bhfeicfar gur fiú iad an saoghal iúd a thabhairt dóibh agus an aiseirighe ó-s na mairbh, ní pósfar iad agus ní ghlacfaid siad mná.


An fhaid atá an solus agaibh creididh sa tsolus, i dtreó go mbeadh sibh i nbhúr gclann ag an solus. Do labhair Íosa na neithe sin agus d’imthigh sé agus do cheil sé é féin ortha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí