Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:21 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

21 Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

21 agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

21 Agus fonn air a sháith d’ithe de na grabhrógaí a thuiteadh de thábla an fhir shaidhbhir, agus ní thabharadh aoinneach dó; acht thigeadh na madaidh agus ligheadh siad a othraisí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

21 agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

21 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

21 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n‑othras aige.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:21
7 Tagairtí Cros  

Ach, a Thighearna, ar sisi, ithid na coileáin an brúscar a thuiteann ó bhórd a dtighearnaí.


Ach d’fhreagair sise agus dubhairt: Iseadh, a Thighearna, óir ithid na coileáin fé’n mbórd an bia briste a thuiteann ó’n gclainn.


Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh;


Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.


Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí