Lúcás 16:21 - An Bíobla Naofa 198121 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n‑othras aige. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)21 agus é ag iarraidh a bheatha a dhéanamh de na grabhróga a thiteadh ó bhord an duine shaibhir; agus thairis sin thagadh na madraí a lí a chneácha. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara21 Agus fonn air a sháith d’ithe de na grabhrógaí a thuiteadh de thábla an fhir shaidhbhir, agus ní thabharadh aoinneach dó; acht thigeadh na madaidh agus ligheadh siad a othraisí. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)21 agus é ag tnúth le ’n‐a sháith d’fhágháil de’n bhroscar do thuiteadh ó bhórd an duine shaidhbhir; agus do bhíodh na madraí féin ag teacht agus ag ligheadh a chneadh. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)21 Agus ler mhían é féin do shásadh leis an sbruileach do thuiteadh do bhórd an duine saidbhir: agus do thigdís na madruidhe, agus do ligheas chréachda. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)21 Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201221 agus arbh é ba mhian leis a shá a fháil den sprúilleach a thiteadh ó bhord an fhir shaibhir; agus fós, bhíodh na gadhair féin ag teacht ag lí na n-othras aige. Féach an chaibidil |