Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 16:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

22 Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

22 Fuair an bochtán bás agus dʼiompair na haingil é go hucht Abrachaim. Fuair an duine saibhir bás freisin agus cuireadh in uaigh é;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

22 Agus thárla go bhfuair an fear déirce bás, agus gur iomchar na h-aingle go h-ucht Abrahaim é. Agus fuair an fear saidhbhir bás fosta, agus h-adhlacadh i n-ifreann é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 Agus tharla go bhfuair an bochtán bás, agus go rug na h‐aingle leo é go h‐ucht Abrachaim: agus fuair an duine saidhbhir bás, leis, agus do h‐adhlacadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Agus tárla, go bhfuair an duine bochd bás, agus gur iomchradar na haingil go huchd Abramham é: agus mar an gcéadna fuáir an duine saidhbhir bás, agus do hadhluiceadh é;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

22 Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

22 Ach ansin fuair an duine bocht bás, agus iompraíodh ag na haingil é go hucht Abrahám. Fuair an fear saibhir bás freisin agus adhlacadh é.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 16:22
28 Tagairtí Cros  

Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.


Agus cuirfidh sé a aingil amach, le trúmpa agus le guth árd: agus cruinneóchaid siad a fhíoraoin ós na cheithre gaoithibh, ó uachtar na bhflathas go dtí a n-íochtar.


Agus deirim libh go dtiocfaidh a lán daoine ó’n ndomhan toir agus ó’n ndomhan tiar, agus go luighfid siad i bhfochair Ábrahaim agus Isaaic agus Iácóib,


Mar, cad é an tairbhe do dhuine an saoghal go léir a bhuachtaint má chailleann sé a anam féin?


Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?


Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta.


Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.


Thárla go raibh ’n-a luighe i n-ucht Íosa duine dh’á dheisgiobulaibh ba ró-ionmhuin le h-Íosa.


D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí