Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 “Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Acht is mairg díbh-se, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir dhruid sibh ríoghacht na bhflaitheas i n-aghaidh na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad sin a bhíos ag dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 “Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh Ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad. (

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 “Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:13
25 Tagairtí Cros  

Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air.


Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár.


Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht.


Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais.


Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh:


Agus chonaic sé mórán des na Fairisínigh agus des na Sadducíneachaibh ag teacht chun an bhaiste chuige, agus dubhairt sé leó: A shliocht na n-aithreach nimhe, cé chuir ar bhúr súilibh daoíbh-se an fhearg atá chúghaibh do sheachnadh?


Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisgeabhair iad.


Dubhairt an t-athair agus an mháthair na neithe sin mar bhí eagla na n-Iúdach ortha, óir bhí socair ag na Iúdaigh an uair sin, aoinne a déarfadh gur bh’ é Críost é, é chur amach as an sinagóig.


Ansan do ghlaodhadar airís ar an nduine a bhí ’n-a dhall, agus dubhradar leis: Tabhair glóire do Dhia. Is eól dúinne gur peacach an duine sin.


D’fhreagradar agus dubhradar leis: I bpeacaíbh a geineadh tu ar fad, agus an ndeineann tú sinne do theagasg? Agus do chomáineadar amach é.


Ach bhí Elimas, an draoi, (óir is mar sin a mínighthear a ainim) ag cur ’n-a gcoinnibh, a d’iarraidh an próchonsuil d’iompáil ó’n gcreideamh.


D’órduighmair daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne.


Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad.


Ansan do deinead, ins na laethibh sin íde ana-dhian ar an eaglais a bhí i nIerúsalem agus do sgaipeadh na daoine go léir tré chríochaibh Iúdaéa agus Shamaría, ach amháin na h-Aspoil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí