Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin do labhair Íosa leis na sluaightibh agus le n‐a dheisceablaibh,

2 g‐á rádh, Suidheann na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise: ar an adhbhar sin,

3 déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh.

4 Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir.

5 Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,

6 agus méaduighid scothóga a mbrat, agus is maith leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleadhannaibh, agus na suidheacháin tosaigh ins na sionagógaibh,

7 agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha.

8 Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.

9 Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh.

10 Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost.

11 Acht an té is mó oraibh béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh.

12 Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é.

13 Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.

14 Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh.

15 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin.

16 Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air.

17 A bhreallána dalla: cia aca is mó, an t‐ór, nó an teampall naomhuigheas an t‐ór?

18 Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air.

19 A dhallána: ciaca is mó, an íodhbairt, nó an altóir naomhuigheas an íodhbhairt?

20 D’á bhrigh sin, an té dhearbhuigheas dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir, agus dar a bhfuil uirthi.

21 Agus an té dhearbhuigheas dar an teampall, dearbhuigheann sé dar an teampall, agus dar an té chómhnuigheas ann.

22 Agus an té dhearbhuigheas dar neamh, dearbhuigheann sé dar ríogh‐chathaoir Dé, agus dar an té atá ’n‐a shuidhe innti.

23 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile.

24 A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.

25 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis, agus iad lán de shainnt agus d’ainmheasaracht ar an taobh istigh.

26 A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith.

27 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairsíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir is cosmhail sibh le tuamaibh aolta, bhíos go taithneamhach le feicsin ar an taobh amuigh, acht atáid istigh lán de chnámhaibh daoine marbh, agus de’n uile bhréantas.

28 Mar sin daoibh‐se: bíonn cuma na fíréantachta oraibh i bhfiadhnaise na ndaoine, acht bíonn sibh istigh lán d’fhuar‐chrábhadh agus de chuirptheacht.

29 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus maisigheann sibh leachta na bhfíréan,

30 agus adeir sibh, Dá mbéimís‐ne beo le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i gcúis fola na bhfáidh.

31 D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe.

32 Líonaidh‐se, mar sin, tómhas bhúr sinnsear.

33 A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn?

34 D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad:

35 go dtiocfaidh oraibh gach ar doirteadh d’fhuil na bhfíréan ar talamh, ó fhuil Aibéil fhíréanta go fuil Shachariais mhic Bharachiais, do mharbhabhar idir an sanctóir agus an altóir.

36 Go fírinneach adeirimse libh, Tiocfaidh na neithe sin go h‐iomlán ar an díne seo.

37 A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!

38 Féach, fágfar bhúr dteach ’n‐a uaigneas agaibh.

39 Oir adeirim libh, Ní fheicfidh sibh feasta mé go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí