Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus ná bíodh meas athar agaibh ar aon duine ar an talamh, mar níl agaibh ach an t‑aon Athair amháin, atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Agus ná tabhairigidh bhur n-athair ar aoinneach ar an talamh: óir is aon Athair atá agaibh, an té atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus na goiridh bhur nathair do dhuine ar bith ar talamh: oír is áon Athar a tá agaibh, noch a tá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Agus ná glaoigí bhur ‘n-athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t-aon Athair, an té atá ar Neamh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Agus ná glaoigí bhur ‘n‑athair’ ar aon duine ar an talamh, óir níl agaibh ach an t‑aon Athair, an té atá ar neamh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:9
16 Tagairtí Cros  

Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost.


Óir is iad sin na neithe go mbíonn tóir ag na Págánachaibh ortha; óir is eol d’bhúr nAthair neamhdha go bhfuil gábhadh agaibh leis na neithibh sin go léir.


D’á bhrigh sin, má’s eol daoibh‐se, atá go h‐olc, cionnas deagh‐bhronntanais do thabhairt d’bhúr gclainn, nach dóchaighe go mór go dtiubhraidh bhúr nAthair atá ar neamh deagh‐bhronntanais dóibh‐sean iarrfas air iad?


A bhráithreacha agus a aithreacha, éistidh leis an gcosnamh atá agam d’á dhéanamh dhaoibh anois.


Óir bíodh go bhfuil deich míle oide i gCríost agaibh, ní fhuil a lán aithreach agaibh: óir is mise do ghein i nÍosa Críost tríd an soiscéal sibh.


Agus béidhead mar Athair agaibh, Agus béidh sibh‐se mar chlann‐mhac agus mar chlann‐inghean agam, adeir an Tighearna Uile‐chumhachtach.


Thairis sin, do bhí aithreacha do réir na feola againn chum ár smachtuighthe, agus thugamar urraim dóibh: nach mó go mór an urraim do‐bhéarfaimíd dár nAthair spioradálta chum beatha d’fhágháil?


Féachaidh méid an ghrádha thug an tAthair dúinn, go nglaodhfaidhe clann Dé orainn: agus atá an scéal amhlaidh ’n‐ár dtaobh. Ar an adhbhar sin ní aithnigheann an saoghal sinn, toisc nár aithnigh sé eisean.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí