Matha 23 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)CAIBIDIOL XXIII. Do chómhairligh Críost deagh-theagasg na Sgríbhneóirí agus na bhFarisíneach do ghlacadh agus a ndroch-shampla do sheachnadh, fógrann sé ar a Dheisgiobulaibh gan aithris do dhéanamh ar a n-uaillmhian. A lán mairgí aige d’á bhagairt ortha mar gheall ar an gceilg a bhí ionta agus mar gheall ar a ndaille. 1 Ansan do labhair Íosa leis an bpobul agus le n-a dheisgiobuil, 2 Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise. 3 D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad. 4 Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe. 5 Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat. 6 Is maith leó ceann cláir ag suidhe chun bídh dóibh, agus na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh. 7 Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha. 8 Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir. 9 Agus ná tugaidh bhúr n-athair ar aoinne ar an dtalamh so: óir is aoinne amháin is Athair agaibh, an t-é atá ins na flathais. 10 Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd. 11 An t-é is fearr oraibh, beidh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. 12 Óir an t-é a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é. 13 Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach. 14 Is mairg daoibh a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir itheann sibh tighthe na mbaintreach, ag déanamh úrnuighthe fada; mar gheall air sin is truime-de an bhreith a tabharfar oraibh. 15 Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin. 16 Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air. 17 A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór? 18 Agus: Pé duine dhearbhóchaidh dar an altóir, is neamhnídh é; ach pé duine a dhearbhóchaidh dar an dtabharthas atá ar an altóir, tá an ceangal air. 19 A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas? 20 D’á bhrígh sin, an t-é dearbhuigheann dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir agus gach a bhfuil uirthi. 21 Agus an t-é a dhearbhuigheann dar an teampal, dearbhuigheann sé dar an teampal agus dar an t-é atá ’n-a chómhnuidhe ann. 22 Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a shuidhe inti. 23 Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár. 24 A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal. 25 Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; ach táthaoí lán, laistigh, de bhraduíol agus de shailightheacht. 26 A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan. 27 Is mairg daoibh, a Sgribhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir is cuma sibh nó uaghna aolta, a fhéachann go h-áluinn lasmuigh, sé shúilibh daoine, ach laistigh táid siad lán de chnámhaibh daoine marbha, agus de’n uile shaghas bréantais. 28 Ar an gcuma gcéadna féachann sibh-se fíoraonta ar an dtaobh amuigh, fé shúilibh daoine; ach laistigh táthaoí lán de’n fheall agus de’n mhalluightheacht. 29 Is mairg daoibh, a Sgríbhneóiri agus a Fhairisíneacha an fhill: a dheineann tuamaí do chur suas do sna fáidhibh; agus a chuireann na h-órnáidí ar uaghnaibh na bhfíoraon, Agus deireann sibh: 30 Dá mbeimís-ne beó le linn ár sínsear ní bheimís páirteach leó i bhfuil na bhfáidh. 31 D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe. 32 Líonaidh-se suas, mar sin, tómhas bhúr sínsear. 33 A aithreacha nimhe, a shliocht na n-aithreach nimhe, cad é an dul atá agaibh-se ó bhreith ifrinn? 34 D’á bhrígh sin, féach, cuirim-se chúghaibh fáidhe, agus lucht eagna, agus lucht sgríbhinne; agus marbhóchaidh sibh cuid acu, agus céasfaidh sibh ar chrosaibh cuid acu agus sgiúrsálfaidh sibh cuid acu i nbhúr sinagógaibh, agus ruaigfidh sibh iad ó cathair go cathair. 35 Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin Abel go fuil Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir. 36 Go deimhin adeirim libh, tiocfaidh na neithe sin go léir ar an sliocht so. 37 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat! 38 Féach, fágfar bhúr dtigh i n’uaigneas agaibh. 39 Óir adeirim libh, ní fheicfidh sibh mise feasda go n-abraidh sibh: Moladh leis an t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna. |
historic text maintained by the Bible Society.
British & Foreign Bible Society