Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 coimeádaigí agus cleachtaigí a n‑ordaíonn siad daoibh, ach ná déanaigí aithris ar a ngníomhartha; mar ní bhíonn a mbeart de réir a mbriathair.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Ar an adhbhar sin, gach uile nídh dá n-abróchaidh siad libh, coimhéadaigidh agus déanaigidh; acht ná déanaigidh do réir a n-oibreacha: óir deir siad-san, agus ní dhéan siad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ar a nadhbharsin gach uile ní a déaruid síad ríbh do choimhéad, coimhéaduidh agus déanaidh íad; achd ná déanuidh do réir noibrighthe: oír a deirid síad, agus ni dhéanuid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n-oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 agus ó tá siad, déanaigí agus coinnígí a ndeir siad libh, ach ná déanaigí de réir a n‑oibreacha, óir ní mar a chéile beart agus briathar acu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:3
16 Tagairtí Cros  

Ansan tháinig sé chun an mhic eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh. Cia ’cu de’n bheirt a dhein toil a athar?


Agus dubhairt sé: Táid na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh suidhte i gcathaoir Mhaoise.


Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe.


Agus d’fhreagair Peadar agus na h-Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná an dhaoinibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí