Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Óir ceangalaid siad ualaí troma do-iompuir, agus cuirid siad ar ghuailnibh na ndaoine iad; ach ní h-áil leó féin oiread agus méar a chur ’ghá gcoruighe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ceanglaíonn siad le chéile tromualaí do-iompair agus leagann siad ar ghuaillí daoine iad; ach ní leagfaidh siad barr méire orthu lena dtógáil.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Óir ceanglann siad ualaighe troma do-iomchair, agus leagann siad ar ghuailne na ndaoine iad, acht ní toil leo féin iad a chorrughadh le h-oiread agus méir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oir ceangluid úaluighe troma dóiomchuir, agus cuirid íad ar shlinnéanuibh na ndáoine; gidheadh ní hail léo féin cor do chur dhíobh ré háon da méaruibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní háil leo féin iad a bhogadh le barr méire.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Ceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní áil leo féin iad a bhogadh le barr méire.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:4
10 Tagairtí Cros  

Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir tugann sibh deachmhadh as an miontais agus as an ainise agus as an gcuimin, agus d’fhágabhair gan cómhlíonadh na neithe is truime sa dlígh, breitheamhantas, agus trócaire, agus creideamh; bhí sé ceart agaibh iad-san do dhéanamh agus gan iad-súd do leigint ar lár.


D’á bhrígh sin pé rud a déarfaid siad libh a choimeád, coimeádaidh é agus deinidh é; ach na deinidh do réir a n-oibreacha; óir deirid siad, agus ní dheinid siad.


Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí.


Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dhia go gcuirfeadh sé ar mhuinéalaibh na ndeisgiobul cuing nár fhéad ár n-aithreacha ná sinne a dh’iompar?


Is toil leis an Spioraid Naomh agus linne gan a thuille ualaigh do chur oraibhse ach an méid seo atá riachtanach .i.,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí