Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus daoine, Rabbi, a thabhairt ortha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus fáiltighe dfagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm, Rábbi, Rabbi, dhióbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 agus go mbeifear ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifear ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:7
19 Tagairtí Cros  

Ach cé leis go samhlóchad an tsliocht so? Is cosmhail iad le h-aos óg ’n-a suidhe ar an macha ag glaodhach ar a gcomrádaithibh: Agus ’ghá rádh:


Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir.


Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.


Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó.


Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna.


Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta.


Agus dubhairt sé leó agus é ’gha dteagasg: Seachnaidh na Sgríbhneóirí. Is maith leó siubhal i n-éadaighibh fada, agus go ndéanfaí úmhlú dhóibh i n-áit an mhargaidh;


Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó.


Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh’á rádh, mar bhíodar sgannruighthe le h-eagla.


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh.


Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú?


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís?


Dubhairt Íosa léi: a Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir).


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.


Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud.


Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo?


Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí