Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Ach ná tugtar Rabbí oraibh-se: óir is aoinne amháin atá ’n-a Mháighistir oraibh, agus is bráithre sibh go léir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Ach ná glaoítear rabbí oraibhse, mar níl agaibh ach an t‑aon oide amháin, agus is bráithre sibh uile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 Acht ná tugtar Rabbi oraibh-se; óir is aoinneach amháin is Máighistir oraibh, agus is bráithre sibh-se uilig.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Achd ná goirthear Rábbi dhíbhsi: oír is aón Mhaighisdir a tá agaibh, Criósd; agus is dearbhráithreacha dhá chéile sibh féin uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Ach ná bíodh ‘raibí’ dá thabhairt oraibhse; óir níl ach an t-aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibh-se uile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Ach ná bíodh ‘raibí’ á thabhairt oraibhse; óir níl ach an t‑aon Mháistir oraibh, agus is bráithre sibhse uile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:8
34 Tagairtí Cros  

Is leór do’n deisgiobuil bheith mar a mháighistir, agus do’n tseirbhíseach bheith mar a thighearna. Má thugadar Beelsebub ar fhear an tighe, nách mó ’ná san a thabharfaid siad ar mhuintir a thighe é?


Le linn na cainte sin do rádh dhó, féach, do chlúdaigh sgamall soillseach iad; agus féach, guth as an sgamall, agus dubhairt: Sidé mo Mhac dílis ar a bhfuil mo ghreann: éistidh leis.


Agus ná tugtar máighistirí oraibh: óir is aoinne amháin is Máighistir agaibh, .i. Críosd.


Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.


Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.


Agus láithreach tháinig sé chun Íosa, agus dubhairt: Go mbeannuighthear duit a Mháighistir. Agus thug sé póg dó.


Agus d’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat a dhéanfainn duit? Agus dubhairt an dall: Radharc a thabhairt dom, a Thighearna.


Agus chuímhnigh Peadar, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, an crann fíge gur chuiris an mhallacht air, féach, tá sé feóchta.


Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó.


Óir ní fheidir sé cad a bhí aige dh’á rádh, mar bhíodar sgannruighthe le h-eagla.


Ach do dheineas-sa guidhe ar do shon ionus ná caillfeadh ar do chreideamh. Agus ar ball, nuair a chasfair, neartuigh do bhráithre.


Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú?


D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.


Dubhairt a dheisgiobuil leis: A Rabbí, bhí na Iúdaigh a d’iarraidh gabháil do chlochaibh ionat anois, agus an bhfuilir ag dul chun na h-áite sin airís?


Dubhairt Íosa léi: a Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir).


Tháinig an duine sin ag triall ar Íosa sa n-oidhche, agus dubhairt sé leis: A Rabbí, is eól dúinn gur ó Dhia a tháinís ad’ oide, mar ní fhéadfadh aon duine na mírbhúiltí a dheineann tusa do dhéanamh gan Dia bheith leis.


Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.


Ach sa n-am gcéadna d’iarradar a dheisgiobuil air, agus dubhradar: A Máighistir, ith rud.


Agus nuair a fuaradar é lastall de’n fharaige dubhradar leis: A Mháighistir, conus a tháinís chun na h-áite seo?


Agus d’fhiafraigh a dheisgiobuil de: a Rabbí, cé’cu a dhein peaca, é seo nó a athair ’s a mháthair, treás gur rugadh ’n-a dhall é?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí