Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 agus daoine ag beannú dóibh i sráideanna an mhargaidh, agus ag tabhairt rabbí orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus fáiltiughadh d’fhagháil i n-áit an mhargaidh, agus daoine, Rabbi, a thabhairt ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Agus fáiltighe dfagháil ar na marguidhibh, agus dáoine do ghairm, Rábbi, Rabbi, dhióbh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Agus fáiltiú dhóibh i n-áit an mhargaidh, agus go dtabharfadh na daoine Rabbí ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 agus go mbeifear ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifear ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 agus go mbeifí ag beannú dóibh sna háiteanna poiblí, agus go mbeifí ag tabhairt ‘raibí’ orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:7
19 Tagairtí Cros  

Acht cia le n‐a samhlóchad an díne seo? Is cosmhail í le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áiteannaibh margaidh, ag glaodhach ar a chéile,


Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile.


Agus d’fhreagair Iúdás, an fear do bhraith é, agus adubhairt, An mise é, a Rabbí? Adubhairt seisean leis, Adubhrais é.


Agus ar an láthair tháinig sé chum Íosa, agus adubhairt sé.


Agus d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Créad ba mhian leat do‐ghéanainn duit? Agus adubhairt an dall leis, A Mháighistir, mo radharc thabhairt dom.


Agus ag cuimhniú do Pheadar air, adubhairt sé leis, A Mháighistir, féach, an crann fige do mhalluighis, atá sé feoighte.


Agus sa teagasc dó adubhairt sé, Seachnaidh na scríobhaidhthe, gur mian leo siubhal i róbaibh fada, agus go n‐umhlóchthaidhe dhóibh ar áit na margadh,


Agus nuair tháinig sé, ar an láthair do chuaidh sé chuige, agus adubhairt sé, A Mháighistir; agus thug sé póg dó.


Agus adubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: leig dúinn trí botha do dhéanamh, both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias.


Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh.


Agus d’iompuigh Íosa, agus do chonnaic sé iad g‐á leanamhain, agus adubhairt sé leo, Créad atá uaibh? Agus dubhradar‐san leis, A Rabbí (is é sin le rádh, A Mháighistir), cá gcómhnuigheann tú?


D’fhreagair Natanaél agus adubhairt sé, A Rabbí, is tusa Mac Dé; is tusa Rí Israel.


Adubhairt na deisceabail leis, A Rabbí, do bhí na h‐Iúdaigh ag iarraidh gabháil de chlochaibh ort le déidheannaighe; agus an ag dul annsin arís atáir?


Adubhairt Íosa léi, A Mháire! D’iompuigh sí, agus adubhairt sí as Eabhrais, A Rabbóní! (is é sin le rádh, A Mháighistir.)


tháinig seisean chum Íosa san oidhche, agus adubhairt sé leis, A Rabbí, atá a fhios againn gur múinteoir tháinig ó Dhia thú: óir ní féidir go ndéanfadh aon duine na míorbhailtí ghníos tusa, gan Dia bheith leis.


Agus thángadar chum Eoin, agus adubhradar leis, A Rabbí, an té úd do bhí id’ fhochair taobh thall de Iórnán, go dtug tú fiadhnaise ’n‐a thaobh, féach, atá sé ag baisteadh, agus atá gach aoinneach ag teacht chuige.


I rith an ama do bhí na deisceabail ag tathant air, g‐á radh, A Rabbí, bí ag ithe.


Agus nuair fuaradar é ar an taobh thall de’n fhairrge, adubhradar leis, A Rabbí, cá h‐uair tháinig tú annso?


Agus d’fhiafruigh a dheisceabail de, A Rabbí, cia aca do‐rinne peacadh, an duine seo, nó a athair agus a mháthair, go rugadh é ’n‐a dhall?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí