Matha 23:15 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)15 Is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir siubhlann sibh muir agus tir chun aoinne amháin a thabhairt chun bhúr gcreidimh; agus nuair a thugann sibh libh é déineann sibh mac-fhrinn de níosa dhá mheasa ’ná sibh féin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)15 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! mar tugann sibh cuairt na mara agus na tíre le haon duine amháin a iompú, agus nuair a iompaíos sé, déanann sibh ifreannach de is measa faoi dhó ná sibh féin. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara15 Is mairg díbh, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir taistealann sibh an mhuir agus an tír chun aon chómhalta nua amháin a thionntódh chugaibh, agus ar thionntódh dó, ghní sibh mac ifrinn dhá uair níos measa ná sibh féin de. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)15 Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)15 Is anáoibhinn dáoibh, á sgríobuighe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhuarchrábhaidh! oír gabhtháoi timcheall mara agus tire do chum ndéunadh sibh áonnduine air bhur riaghail féin, agus an tráth bhíos sé déanta, do níthí mac ifeirnn de ní sa mho fá dhó ná dhíbh féin. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201215 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198115 “Is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ngabhann sibh thar farraigí agus ar fud tíortha chun aon duine amháin a iompú chugaibh, agus ar iompú dó, go ndéanann sibh mac mallachta de níos measa faoi dhó ná sibh féin. Féach an chaibidil |
Is ó’n ndiabhal, bhúr n-athair, sibh-se, agus isiad na neithe a thaithneann le nbhúr n-athair a dheineann sibh. Dúnmharbhthóir ab eadh é sin ó thusach, agus níor sheasaimh sé sa bhfirinne, óir ní’l fírinne ann; nuair a labhrann sé an t-éitheach labhrann sé an nídh is leis féin, óir tugann sé an t-éitheach agus isé athair an éithigh é.