Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Is mairg díbh, a threoruidhthe dalla, a deir: Má mhionnuigheann aoinneach dar an teampall, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar ór an teampaill, tá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is anáoibhinn dáoibh, a thréoruighthe dalla, noch a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é; achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:16
14 Tagairtí Cros  

Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg.


Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.


A dhaoine dalla gan chiall: cé’cu is mó le rádh, an t-ór, nó an teampal a bheannuigheann an t-ór?


A dhaoine dalla: Cé’cu is mó, an tabharthas nó an altóir a chuireann an bheannuightheacht ar an dtabharthas?


A ghiollaí dalla, sgagann sibh amach an chuil agus sloigeann sibh an camal.


A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtúis an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionus go mbeadh an taobh amuigh glan.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí