Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 “Is mairg daoibh, a threoraithe na daille, a deir, ‘Má thugann duine móid ar an teampall, níl aon ní ráite aige; ach má thugann duine móid ar ór an teampaill, tá sé faoi cheangal a mhóide.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Is mairg díbh, a threoruidhthe dalla, a deir: Má mhionnuigheann aoinneach dar an teampall, ní dadamh é; acht an té a mhionnóchas dar ór an teampaill, tá ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is anáoibhinn dáoibh, a thréoruighthe dalla, noch a deir, Gidh bé duine bhéaras an teampoll mar mhionna, ni ní ar bíth é; achd gidh bé bhéaras ór an teampoill mar mhionna, a ta sé cionntach!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Is mairg daoibh-se, a ghiollaí dalla adeir: Pé duine a dhearbhóchaidh dar an teampal, is neamhnidh é; ach an t-é dhearbhóchaidh dar ór an teampail tá an ceangal air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 “Is mairg daoibh, a ghiollaí dalla a deir: ‘Cibé a mhionnaíonn dar an sanctóir, is cuma é sin; ach cibé a mhionnaíonn dar ór an tsanctóra, bíonn ceangal air.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:16
14 Tagairtí Cros  

Leigidh dhóibh siúd: treoraidhthe dalla is eadh iad. Agus má threoruigheann dall dall eile, tuitfid araon sa díg.


Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.


A bhreallána dalla: cia aca is mó, an t‐ór, nó an teampall naomhuigheas an t‐ór?


A dhallána: ciaca is mó, an íodhbairt, nó an altóir naomhuigheas an íodhbhairt?


A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.


A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith.


Dearbhuighim arís do gach duine timcheall‐ghearrthar, go bhfuil sé d’fhiachaibh air an dlighe ar fad do chóimhlíonadh.


Acht thar gach nidh, a bhráithre, ná tabhraidh mionn ar bith, ag dearbhú ar neamh, nó ar thalamh, nó ar aon nidh eile: acht abraidh, Is eadh, amháin, nó, Ní h‐eadh, le fíre, gan tuilleadh do rádh, ar eagla go dtuitfeadh sibh fá bhreitheamhnas.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí