Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ionus go dtiocfadh oraibh gach fuil fhíoraonta d’ár doirteadh ar an dtalamh, ó fhuil an fhíoraoin Abel go fuil Shacariais mic Bharachiais a mharbhabhair idir an teampal agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 ionas go dtite oraibh ar doirteadh dʼfhuil fhíréanta ar an talamh, ó fhuil Abel neamhchiontaigh go dtí fuil Shecaría mhic Bharacía, ar dhúnmharaigh sibh é idir an sanctóir agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Ionnas go dtigeadh oraibh-se gach fuil chóir dár dtoirteadh ar an talamh, ó fhuil Abeil chóir go fuil Shacairíais, mac Bharachíais, a mharbh sibh eadar an teampall agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 go dtiocfaidh oraibh gach ar doirteadh d’fhuil na bhfíréan ar talamh, ó fhuil Aibéil fhíréanta go fuil Shachariais mhic Bharachiais, do mharbhabhar idir an sanctóir agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Do chum go dtiocfadh oruibh gach uile fhuil fhiréanta dar dóirteadh ar an dtalamh, ó fhuil Abél fhíréanta go fuil Shacharías mhic Barachías, noch do mharbhabhairsi eidir an teampoll agus a naltóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil fíréan go dtí fuil Zacairiá mac Bharaichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

35 chun go dtiocfadh anuas oraibh fuil uile na bhfíréan a doirteadh ar an talamh ó fhuil Áibil an fíréan go dtí fuil Zacháirias mac Bharáichias ar imir sibh bás air idir an sanctóir agus an altóir.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:35
22 Tagairtí Cros  

Ó fhuil Ábeil go fuil Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so.


D’órduighmair daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí