Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 an té a ardaíos é féin ísleofar é, agus an té a íslíos é féin ardófar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus an té a árdóchas é féin, ísleochar é, agus an té a ísleochas é féin, árdóchar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Oír giodh bé áirdeochus é féin ísleochthar é; agus giodh bé ísleochas é féin, airdeochthar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Óir an t-é a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Agus cibé duine a ardóidh é féin, ísleofar é agus cibé duine a ísleoidh é féin ardófar é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:12
15 Tagairtí Cros  

D’á bhrigh sin, an té ísleochas é féin ar nós an leinbh bhig seo, is é sin an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas.


Is aoibhinn d’á bhfuil bocht ’n‐a spioraid, mar is leo‐san ríoghacht na bhflaitheas.


Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é.


Adeirim libh go ndeachaidh sé seo síos abhaile agus é fíréanuighthe de bhreis ar an duine eile: óir gach duine árdóchas é féin umhlóchar é, acht an té umhluigheas é féin árdóchar é.


Acht is móide do‐bheir sé grása: uime sin adeir se, Cuireann Dia i gcoinnibh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


Ar an gcuma chéadna, cuireadh an t‐aos óg iad féin fá cheannas na seanóir. Bíodh an umhlacht mar chlúdach oraibh, óir cuireann Dia i n‐aghaidh na n‐uaibhreach, acht do‐bheir sé grása do na h‐umhlaibh.


D’á bhrigh sin, umhluighidh sibh féin fá thréan‐láimh Dé, chum go n‐árdóchadh sé i dtráth oireamhnach sibh;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí