Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 “Ach is mairg daoibh, a scríobhaithe agus a Fhairiséacha, a lucht na cráifeachta bréige! as siocair go ndúnann sibh ríocht neimhe in aghaidh na ndaoine; mar ní théann sibh féin isteach; agus ní ligeann sibh don dream atá ag iarraidh dul isteach dul thar an táirseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Acht is mairg díbh-se, a Scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a bhréagchráibhtheacha; óir dhruid sibh ríoghacht na bhflaitheas i n-aghaidh na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad sin a bhíos ag dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Achd is anáoibhinn dáoibhsi, a sgriobuidhe agus a Bhphairisíneacha, a luchd an fhúarchrábhuidh! do bhrígh go ndruigthí rioghachd neimhe rés na ndáoinibh: oír ní théighthí féin a sdeach, agus ní fhuilngthí don luch a tá ag dul a sdeach dul ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 “Is mairg daoibh-se, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh Ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad. (

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 “Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:13
25 Tagairtí Cros  

Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis, agus iad lán de shainnt agus d’ainmheasaracht ar an taobh istigh.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairsíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir is cosmhail sibh le tuamaibh aolta, bhíos go taithneamhach le feicsin ar an taobh amuigh, acht atáid istigh lán de chnámhaibh daoine marbh, agus de’n uile bhréantas.


Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus maisigheann sibh leachta na bhfíréan,


Acht nuair do chonnaic sé mórán de na Fairisíneachaibh agus de na Saddúcíneachaibh ag teacht chum baiste d’fhágháil uaidh, adubhairt sé leo‐san: A shliocht na nathrach nimhe, cia d’fhógair orthaibh‐se teicheath ó’n díbhfheirg atá le teacht?


Is mairg daoibh, a lucht na dlighe! óir do thógabhar libh eochair an eolais: ní dheachabhar féin isteach, agus do choisceabhar iad‐san do bhí ag dul isteach.


Adubhairt an t‐athair agus an mháthair an méid sin ar eagla na nIúdach: óir do bhí socruighthe ag na h‐Iúdachaibh, dá n‐admhuigheadh duine ar bith gurbh é an Críost é, go gcuirfidhe amach é as an tsionagóig.


Atá sé d’aois, cuiridh an cheist air féin. Annsin do ghlaodhadar athuair ar an duine do bhí ’n‐a dhall, agus adubhradar leis, Tabhair glóir do Dhia: is eol dúinn gur peacach an fear úd.


D’fhreagradar‐san agus adubhradar leis, Is i bpeacaidhibh ar fad rugadh thusa, agus an ag tabhairt teagaisc dúinne atáir? Agus do chaitheadar amach é.


Acht Elimas draoi (óir is mar sin mínighthear a ainm), do chuir sé ’n‐a gcoinnibh, ag iarraidh an phróconsúil d’iompódh ó’n gcreideamh.


D’órduigheamar daoibh go cruinn gan teagasc do dhéanamh san ainm sin: agus féach, atá Iarúsalem líonta de bhúr dteagasc agaibh, agus atá sibh ag iarraidh fuil an duine sin do tharraing orainne.


Agus d’aontuigheadar leis: agus tar a éis dóibh na h‐abstail do ghlaodhach chuca, do bhuaileadar iad, agus d’órduigheadar dóibh gan labhairt i n‐ainm Íosa, agus do scaoileadar iad.


Agus d’éirigh géir‐leanmhain mhór an lá sin i gcoinnibh na h‐eaglaise do bhí i nIarúsalem; agus do scaipeadh iad uile ar fud réigiúin Iúdaea agus Shamária, acht amháin na h‐abstail.


Agus fá mar chuir Iannes agus Iambrés i n‐aghaidh Mhaoise, mar sin is eadh atá na fir sin ag cur i n‐aghaidh na fírinne; fir go bhfuil a n‐aigne truaillighthe, agus iad ar mearbhall i dtaobh an chreidimh.


bí ar t’aire ’n‐a thaobh‐sa: óir do chuir sé go mór i n‐aghaidh ár mbriathra.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí