Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 23:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Déanann siad a ngníomhartha uile ionas go bhfeice daoine iad; mar cuireann siad leithead ina bhfileactaeirí agus fad ina bhfrainsí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus ghní siad a n-oibreacha uilig chun go bhfeiceadh na daoine iad: óir ghní siad a bhfulactéirí leathan, agus ciumhsa a n-éadaigh mór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Achd cheana is do chum go bhféachfaidís dáoine órrtha do níd síad a noibrighthe uile: óir do níd síad a bhphiolactérighe leathna, agus do níd síad imeal a neaduigheadh taidhbhseach.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Deinid siad gach obair leó, ámhthach, ionus go bhfeicfeadh na daoine iad; leathnuighid siad a bhfulactéirí agus méaduighid siad fabhraí a mbrat.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Déanann siad a n-oibreacha uile dʼfhonn go mbeifear dá dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Déanann siad a n‑oibreacha uile d'fhonn go mbeifí á dtabhairt faoi deara. Sin mar a chuireann siad leithead ina bhfiolaictéirí agus fad lena scothóga;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:5
20 Tagairtí Cros  

Agus féach, tháinig bean, ar a raibh sruth fola le dhá bhliadhain déag, taobh thiar de, agus do chuimil sí le fabhra a bhrait: óir adubhairt sí ’n‐a h‐intinn fein,


Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.


iad‐san shloigeas tighthe na mbaintreabhach, ar scáth urnaighthe fada; is iad gheobhas an daoir‐bhreith is truime.


óir ba mhó aca an ghlóir dhaonna ’ná glóir d’fhágháil ó Dhia.


Cionnas do b’fhéidir go gcreidfeadh sibh‐se, ghlacas onóir ó n‐a chéile, agus gan aon éileamh agaibh ar an nglóir thig ó’n aon Dia.


An té labhras uaidh féin, is í a ghlóir féin loirgeas sé; acht an té loirgeas glóir an té do chuir uaidh é, ata seisean fírinneach, agus ní fhuil mí‐chneastacht ann.


Is fíor go bhfuil dream ann sheanmóruigheas Críost tré fhormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ghní ó dheagh‐thoil é;


gan éinnidh do dhéanamh tré mhian conspóide nó baothghlóire, acht le h‐umhlacht aigne measadh gach aoinneach gur fearr an duine eile ’ná é féin.


agus nochtadh fir an pheacaidh, an mac mallachtan árduigheas é féin os cionn gach a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar adhradh dhó; ar mhodh go suidheann sé i dteampall Dé, g‐á chur i gcéill gur Dia é féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí