Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 23:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 Mar sin tá sibh in bhur bhfinnéithe in bhur n‑éadan féin gur sibh clann mhac dhúnmharfóirí na bhfáithe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 Dá bhrígh sin, tá sibh bhur bhfiadhnaisigh oraibh féin, gur sibh clann na ndaoine a mharbh na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Agus is mar sin do níthí fíadhnuisi bhar naghuidh féin, gur ab sibh clan na muinntire úd do mharbh na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 D’á bhrígh sin is fínnithe sibh oraibh féin gur sibh sliocht na ndaoine a mhairbh na fáidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 Sin mar a thugann sibh fianaise in bhur gcoinne féin gur clann sibh dóibh siúd a dʼimir bás ar na fáithe,

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:31
11 Tagairtí Cros  

agus adeir sibh, Dá mbéimís‐ne beo le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i gcúis fola na bhfáidh.


Líonaidh‐se, mar sin, tómhas bhúr sinnsear.


D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad:


A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!


Adubhairt sé leis, As do bhéal féin béarfad breith ort, a dhroch‐sheirbhísigh. Do bhí a fhios agat gur duine dúr mé, go dtógaim an nidh nár leigeas síos, agus go mbainim an nidh nár chuireas;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí