Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 23:37 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

37 A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

37 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, a bhíos ag marú na bhfáithe agus ag imirt báis le clocha ar a gcuirtear chugat! Nach minic ba thoil liomsa do chlannsa a chruinniú mar chruinníonn an chearc a hál faoi scáth a sciathán, agus níor thoil libhse é!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

37 A Ierusalem, a Ierusalem, a mharbhas na fáidhe, agus a ghabhas do chlocha ionnta sin a cuireadh chugat, cad é a mhinicighe a ba mhian liom do chlann a chruinniughadh, mar chruinnigheas an chearc a h-éilín faoi n-a cuid eiteog, agus dhiúltuigh tú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

37 A Iérusaléim, A Iérusaléim, mharbhus na fáidhe, agus ghabhus do chlochuibh ar an luchd chuirthear a ttíonsaidh, créd a mhiónca do budh áill leam do chlann do chruinníughadh re cheile, mar chruinnigheas an chearc a gearrcuigh fa na sgiathánaibh, agus níor bháill leachd!

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

37 A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

37 “A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus nárbh áil leat-sa!

Féach an chaibidil Cóip




Matha 23:37
46 Tagairtí Cros  

agus do chuir a shearbhóntaí uaidh amach ag glaodhach ortha‐san do fuair cuireadh chum na bainse: agus níorbh áil leo teacht.


agus do rug an chuid eile aca ar a sheirbhíseachaibh, agus thugadar droch‐íde ortha, agus do mharbhadar iad.


agus adeir sibh, Dá mbéimís‐ne beo le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i gcúis fola na bhfáidh.


D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe.


Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.


Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air.


do mharbhuigh an Tighearna Íosa agus na fáidhe, agus do ruaig amach sinne, agus nach dtaithneann le Dia, agus atá i n‐aghaidh an uile dhuine;


Agus do chonnacas an bhean ar meisce le fuil na naomh, agus le fuil mairtíreach Íosa. Agus ag amharc dom uirthi, tháinig árd‐iongnadh orm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí