Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL V. Críost ag leigheas, lá na Sabbóide, an duine a bhí gan sláinte ar feadh tríochad a h-ocht de bhlianaibh. An chaint a dhein sé an uair sin.

1 Tar éis na neithe sin do thárla lá féile ag na Iúdaigh, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem.

2 Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n’aice.

3 Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacachaibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge.

4 Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air.

5 Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air.

6 Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó-faí thu?

7 Agus dubhairt an duine breóite: A Thighearna, ní’l duine agam chun mé chur sa loch nuair a coruightear an t-uisge, agus an fhaid a bhím ag teacht bíonn duine eile istigh rómham.

8 Dubhairt Íosa leis: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh.

9 Agus do leighiseadh an duine sin láithreach, agus thóg sé a leabaidh agus do shiubhluigh sé. Agus bhí an tsabbóid ann an lá san.

10 Agus dubhairt na Iúdaigh leis an nduine a leighiseadh: Tá an tsabbóid ann; ní ceaduighthe dhuit bheith ag iompar do leabtha.

11 D’fhreagair sé iad: An t-é do leighis mé dubhairt sé liom: Tóg suas do leabaidh agus siubhluigh.

12 Agus d’fhiafraigheadar de: Cé h-é an duine sin adubhairt leat: Tóg suasdo leabaidh agus siubhluigh?

13 Ach ní raibh fhios ag an t-é do leighiseadh cé ’r b’é. Óir do chuaidh Íosa i leith taoibh ó sna daoine a bhí cruinnighthe sa n-áit.

14 Do fuair Íosa ’n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbain-feadh rud éigin níosa mheasa dhuit.

15 D’imthigh an duine agus d’innis sé do sna Iúdaigh gur bh’é Íosa do leighis é.

16 D’á bhrígh sin bhí na Iúdaigh ag cur ar Íosa mar gheall ar na neithe sin a dhéanamh sa tsabbóid.

17 Agus d’fhreagair Íosa iad: Oibrigheann m’Athair go dtí anois, agus oibrighim-se.

18 Mar gheall air sin ba ró-mhian leis na Iúdaigh é chur chun báis, toisg nár bh’é amháin go raibh sé ag briseadh na sabbóide, ach ’n-a theannta san go raibh sé ’ghá rádh gur bh’é Dia a athair, ’ghá cur féin ar aon dul le Dia.

19 Ach d’fhreagair Íosa agus dubhairt se leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní féidir do’n Mhac aon nídh a dhéanamh ach an nídh a chíonn sé ag an Athair ’á dhéanamh; óir pé neithe a dheineann seisean deineann an Mac, leis, iad ar an gcuma gcéadna.

20 Óir is ionmhuin leis an Athair an Mac, agus nochtann se dhó gach nídh d’á ndeineann sé féin; agus nochtfaidh sé dhó oibreacha is mó ’ná iad so, i dtreó go mbeidh iongna oraibh-se.

21 Óir, fé mar a thógann an t-Athair na mairbh agus dheineann sé beó iad, ar an gcuma gcéadna deineann an Mac beó an mhuintir is toil leis.

22 Óir ní bheireann an t-Athair breith ar aoinne, ach tá gach breith tabhartha aige do’n Mhac.

23 I dtreó go dtabharfadh gach aoinne onóir do’n Mhac, fé mar a thugaid siad onóir do’n Athair; an t-é ná tugann onóir do’n Mhac ní thugann sé onóir do’n Athair a chuir uaidh an Mac.

24 Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é a dh’éisteann le m’briathar-sa agus a creideann an t-é a chuir uaidh mé tá beatha shíoruidhe aige, agus ní thagann sé isteach sa bhreith, ach téigheann sé ó bás go beatha.

25 Go deimhin deimhin adeirim libh go dtig an uair, agus is anois é, i n-a n-aireóchaid na mairbh guth Mhic Dé, agus an mhuintir a dh’aireóchaidh beid siad beó.

26 Óir, fé mar atá beatha ag an Athair ann féin, ar an gcuma gcéadna do thug sé do’n Mhac beatha bheith aige ann féin.

27 Agus thug sé cómhacht dó chun breithe do dhéanamh, mar isé Mac an Duine é.

28 Ná déinidh iongna dhe seo, mar tá an uair ag teacht ’n-a n-aireóchaid a bhfuil ins na h-uaghnaibh guth Mhic Dé.

29 Agus tiocfaid lucht deagh-ghníomh amach go h-aiseirighe na beatha agus lucht droch-ghníomh go h-aiseirighe na breithe.

30 Ní fhéadaim-se aon nídh do dhéanamh uaim féin. Mar a chloisim iseadh thugaim breith; agus bíonn mo bhreith ceart, óir ní h-í mo thoil féin is áil liom, ach toil an t-é a chuir uaidh mé.

31 Má thugaim-se fiadhnaise am thaobh féin ní’l m’fhiadhnaise fíor.

32 Tá neach eile a thugann fiadhnaise am’ thaobh, agus is eól dom gur fiór an fhiadhnaise a thugann sé am’ thaobh.

33 Chuireabhair-se ag triall ar Eóin, agus thug sé fiadhnaise ar an bhfirinne.

34 Ach ní ghlacaim-se fiadhnaise ó dhuine; ach deirim na neithe seo i dtreó go saorfaí sibh-se.

35 Lóchran ar lasadh agus ag taithneamh ab eadh é siúd, agus níor mhisde libh-se ar feadh tamaill áthas a dh’fhághail ’n-a sholus.

36 Ach tá agam-sa fiadhnaise is mó ’ná Eóin, óir, na h-oibreacha gur thug m’Athair dom iad le déanamh, na h-oibreacha san féin a dheinim, tugaid siad fiadhnaise am’ thaobh gur b’é an t-Athair a chuir uaidh mé.

37 Agus an t-Athair féin a chuir mé uaidh do thug sé fiadhnaise am’ thaobh. Agus níor chloiseabhair-se riamh a ghuth, ná ní fheacabhair a dhealbh.

38 Agus ní’l a bhriathar agaibh ag fanmhaint ionaibh, óir an t-é a chuir seisean uaidh ní thugann sibh-se creideamhaint dó.

39 Cuardaightear na scriptiúirí, óir is dóigh libh gur ionta atá beatha shíoruidhe le fagháil; agus isiad san a thugann fiadhnaise am’ thaobh-sa.

40 Agus ní h-áil libh teacht chúgham i dtreó go mbeadh an bheatha agaibh.

41 Ní ghabhaim glóire ó dhaoine.

42 Ach tá aithne agam oraibh-se, ná fuil grádh Dé agaibh istigh ionaibh.

43 Do thánag-sa i n-ainim m’Athar, agus ní ghlacann sibh mé: má thagann duine eile i n-a ainim féin glacfaidh sibh é.

44 Conus ab fhéidir go gcreidfeadh sibh-se agus gur ó n-a chéile a ghlacann sibh glóire, agus gan aon lorg agaibh ar an nglóire a thagann ó Dhia amháin?

45 Ná measaidh go bhfuilim-se chun sibh a ghearán leis an Athair; tá duine a dheineann gearán oraibh, eadhon, Maois, an t-é go bhfuil bhúr mainighín as.

46 Óir dá gcreideadh sibh Maois b’fhéidir go gcreidfeadh sibh mise; óir is orm-sa do sgríbh sé sin.

47 Ach mura gcreideann sibh a sgríbhinn sin, conus a chreidfidh sibh mo bhréithre-se?

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí