Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 5:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Ach bhí aon duine amháin ann agus bhí ocht mbliana déag ar fhichid caithte aige ann agus a ghearán air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Bhi duine amháin ansin a bhí breoite i rith ocht mbliana agus tríocha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus bhí duine áirithe annsin fá n-a dhíth sláinte le h-ocht mbliadhna déag agus fiche.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus do bhí ann fear amháin do bhí breoite le h‐ocht mbliadhna déag ar fhichid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus do bhí duine áirighe ann sin, do bhí ochd mbládhna déug air fhichid a neasláinte.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Bhí aon duine amháin ann agus a ghalar air le hocht mbliana déag ar fhichid.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 5:5
12 Tagairtí Cros  

Agus is minic a chaith sé sa teine é, agus sa n-uisge, chun é mharbhú; ach má tá sé ar do chumas i n-aon chor, dein trócaire orainn agus fóir orainn.


Ach an inghean so Ábrahaim á bhí fé cheangal ag Sátan ar feadh ocht mblian ndéag, níor cheart í fhuasgailt ó’n gceangal, san lá na sabbóide?


Agus bhí bean áirithe a bhí ag cailleamhaint a cod’ fola ar feadh dhá bhliain déag roimis sin, agus go raibh a maoin saoghalta caillte aici le dochtúiríbh agus é teipithe ortha í leigheas;


Do fuair Íosa ’n-a dhiaidh san é sa teampul agus dubhairt sé leis: Féach, táir leighiste; ná dein peacadh feasda sar a mbain-feadh rud éigin níosa mheasa dhuit.


Óir do thagadh aingeal an Tighearna anuas ar uairibh áirithe, sa loch, agus do cor-uightí an t-uisge. Agus an t-é ba thúisge bhíodh istigh sa loch tar éis choruighe an uisge, do leighistí é ó pé gearán a bhíodh air.


Nuair a chonaic Íosa an duine sin ’n-a luighe, agus a fhios aige go raibh an aimsir fhada caithte aige ann, dubhairt sé leis: Ar mhaith leat go slánó-faí thu?


Agus ag gabháil na slíghe dhó do chonaic Íosa duine a bhí ’n-a dhall, agus gur dall a rugadh é.


Ach chonus do thárla radharc a bheith anois aige ní h-eól dúinn, ná ní h-eól dúinn cé dh’osgail a shúile; fiafraighidh de féin é; tá aos aige; labhradh sé féin air féin.


D’airigh an duine sin Pól ag cainnt. Agus d’fhéach Pól air agus chonnaic sé go raibh aige creideamh chun a slánuighthe,


Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul.


Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.


Agus fuair sé sa n-áit sin duine d’ár bh’ainim Énéas, a bhí gan lúth a ghéag agus a bhí ar a leabhaidh ar feadh ocht mblian.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí