Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 5:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Tá ag Ierúsalem loch ar a dtugtar Probatica, agus Betsaida a tugtar air sa teangain Eabhra, agus chúig cinn de sgáthanaibh i n’aice.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Anois tá linn uisce in Iarúsailéim cóngarach do Gheata na gCaorach a dtugtar Bét-sata air san Eabhrais, agus tá cúig cholúnáid ar an linn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus i n-Ierusalem tá linn, dá ngoirtear Probatica, agus ar a dtugtar Bethsaida san Eabhrais, ar a bhfuil cúig póirsí.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus atá i nIarúsalem, i n‐aice geata na gcaorach, lochán ar a dtugtar i nEabhrais Bétesda, go bhfuil cúig póirsí aige.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus atá a Níarusalém láimh ré margadh na ccáorách loch, dá ngoirthear an Eabhrais, Betesda, agá bhfuilid cúig calaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Tá in Iarúsailéim, ag Geata na gCaorach, linn ar a dtugtar ‘Béatzata’ san Eabhrais, agus ag a bhfuil cúig cholúnáid.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 5:2
14 Tagairtí Cros  

Nuair a dh’airigh Pílát na focail sin do thug sé Íosa leis amach, agus do shuidh sé sa chathaoir bhreitheamhntais, sa n-áit ar a dtugtar litostrótos; sa teangain Eabhra, ámhthac, Gabbata.


Agus ag iompar a chroise chuaidh sé amach chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn, agus Golgota sa teangain Eabhra,


Agus do léigh mórán de sna Iúdaigh an teidiol san, mar bhí an áit ’n-ar céasadh Íosa achmair do’n chathair. Agus bhí sé sgríobhtha i n-Eabhrais, agus i nGréigis, agus i Laidin.


Dubhairt Íosa léi: a Mháire. D’iompuigh sisi agus dubhairt sí leis: Rabbóní; (’sé sin le rádh, A Mháighistir).


Agus bhíodh ionta san cruinniú mór de dhaoinibh laga, de dhallaibh, de bhacachaibh, de dhaoine crapaithe, agus iad ag feitheamh le coruighe an uisge.


D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Dheineas aon obair amháin, agus tá iongna oraibh go léir.


Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí