Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:
Matha 4:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala Íosa go raibh Eoin gaibhte, d’imthigh sé chun na Gailile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do cúalaidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl. |
Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:
Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.
Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé.
Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.
Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo.
Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.
Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid.
Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.
Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.
B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dein Íosa tar, éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.