Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 4 - Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara


Caibidil IV Troscann Críost dhá fhichid lá: cuirtear cathuighthe air. Toisigheann sé a sheanmóireacht, a ghairm deisciobal chuige, agus a dhéanamh míorbhailte.

1 Annsin threoruigh an Spiorad Íosa isteach san fhásach chun cathuighthe an diabhail a sheasamh.

2 Agus nuair a throsc sé dhá fhichid lá agus dhá fhichid oidhche, bhí ocras air ina dhiaidh sin.

3 Agus tháinic an cathuightheoir chuige, agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis na clocha sin a bheith ina n-arán.

4 Acht d’fhreagair seisean, agus dubhairt: Tá sé scríobhtha: ní ar arán amháin a mhaireas an duine, acht ar an uile bhriathar dá dtig ó bhéal Dé.

5 Rug an diabhal leis annsin é isteach san chathair naomhtha, agus chuir ar bheinn an teampaill é,

6 Agus dubhairt leis: Má’s Mac Dé thú, teilg thú fhéin síos, óir tá sé scríobhtha: Go dtug sé órdughadh dá chuid aingeal i do thaoibh, agus tógfaidh siad ina lámha thú, ar eagla go mbuailtheá do chos n-éadan cloiche.

7 Dubhairt Íosa leis: Tá sé scríobhtha fosta: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia.

8 Rug an diabhal leis arís é suas ar shliabh an-árd, agus thaisbeán ríoghachtaí an domhain go h-uile, agus a nglóir, dó,

9 Agus dubhairt leis: Bhéarfaidh mé iad seo uilig duit, má shléachtann tú damh, agus mé d’adhradh.

10 Annsin dubhairt Íosa leis: Imthigh leat, a Shatain, óir tá sé scríobhtha: Bhéarfaidh tú adhradh do’n Tighearna, do Dhia, agus is dó-san amháin a dhéanfas tú seirbhís.

11 Annsin d’imthigh an diabhal uaidh; agus féach, tháinic aingle agus rinne siad freastal air.

12 Agus nuair a chuala Íosa go raibh Eoin gaibhte, d’imthigh sé chun na Gailile.

13 Agus d’fhág sé cathair na Nasaire, go ndeachaidh a chómhnaidhe i gCapharnaum i n-aice na mara, i gcríocha Shabuloin agus Nephtalim.

14 Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhairt Isaias, fáidh.

15 Talamh Shabuloin agus talamh Nephtalim, bealach na mara taobh thall de’n Iordáin, Gailile na gCinidheach:

16 An pobal a bhíodh ina suidhe i ndorchadas, chonnaic siad solus mór; agus d’éirigh solus do’n mhuinntir a bhíodh ina suidhe san chrích ar a raibh scáile an bháis.

17 Ó’n am sin amach thoisigh Íosa a sheanmóireacht, agus a rádh: Déanaigidh aithrighe, óir tá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.

18 Agus ag siubhal do Íosa cois mhuir na Gailile, chonnaic sé beirt dhearbhráthar, Síomon, dá ngoirtear Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, ag cur eangaighe san fhairrge (óir ba iascairí iad),

19 Agus deir sé leo: Leanaigidh mise, agus dhéanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.

20 Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha annsin, agus lean siad é.

21 Agus ag imtheacht as sin dó, chonnaic sé beirt eile dearbhráthar, Séamus mac Shebede, agus a dhearbhráthair Eoin, i luing i dteannta a n-athar Sebede, agus iad ag cóiriughadh a gcuid eangach: agus ghoir sé chuige iad.

22 Agus ar an bhomaite d’fhág siad na h-eangacha agus a n-athair annsin, agus lean siad é.

23 Agus thaisteal Íosa an Ghailile go léir, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach galair agus gach tinnis imeasc an phobail.

24 Agus chuaidh a chliú amach ar fud na Síre go léir, agus thug siad chuige na daoine breoidhte go h-uile a bhí gaibhte ag galair agus pianta éagsamhla, iad sin a raibh deamhain ionnta, daoine a bhí as a meabhair, agus iad sin a raibh an galar creathach ortha, agus leigheas sé iad.

25 Agus lean sluaighte móra é as an Ghailile, agus as an Decapolis, agus as Ierusalem, agus as Iudaia, agus as an taoibh thall de’n Iordáin.

rights held by the Bible Society in Northern Ireland

Bible Society in Northern Ireland
Lean orainn:



Fógraí