Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Matha 4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL IV. Trosgadh Chríost ar feadh dachad lá. – Fromhadh á dhéanamh air — É ag tosnú ar sheanmóiniú; ar a dheisgiobuil do ghlaodhach chuige; agus ar mhírbhúiltíbh a dhéanamh.

1 Ansan do sheól an Spioraid Íosa isteach sa bhfásach chun go gcurfaí cath air ó’n ndiabhal.

2 Agus nuair a bhí trosgadh déanta aige ar feadh dachad lá agus dachad oidhche, ansan do tháinig ocras air.

3 Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.

4 Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.

5 Ansan do thóg an t-Áirseóir leis é isteach sa chathair naomhtha, agus chuir sé ’n-a sheasamh ar spuaic an teampuill é. Agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé caith thu féin le fánaidh. Óir tá sgríobhtha:

6 Mar go dtug sé órdú d’á aingealaibh ad’ thaobh, agus glacfaid siad ’n-a lámhaibh thu sar a mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche.

7 Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia.

8 Ansan do rug an t-Áirseóir leis é go mullach cnuic a bhí ana-árd, agus thaisbeáin sé dhó rígheachta an domhain go léir, agus a ngradam;

9 Agus dubhairt sé leis: Tabharfad iad san go léir duit ach sléachtadh dhom agus mé dh’adhradh.

10 Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.

11 Ansan d’imthigh an t-Áirseóir uaidh, agus féach, tháinig na h-aingil agus dheineadar frithálamh air.

12 Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí;

13 Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.

14 Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh:

15 Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:

16 Pobul a bhí suidhte i ndorchadas, chonacadar solus mór, agus d’eirigh solus do’n mhuintir a bhí suidhte sa n-áit ar a raibh sgamall an bháis.

17 As san amach do thusnuigh Íosa ar sheanmóin, agus ar a rádh: Deinidh aithrighe, óir tá rígheacht na bhflathas buailte libh.

18 Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),

19 Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh.

20 Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é.

21 Agus ag imtheacht ó’n áit sin dó, do chonaic sé beirt eile drithár, Séamus mac Sebedé agus a dhritháir Eóin, agus iad sa bhád i dteannta a n-athar Sebedé, ag deisiú a líonta; agus do ghlaoidh sé chuige iad.

22 Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta agus a n-athair, agus do leanadar é.

23 Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.

24 Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.

25 Agus do lean sluaighte móra é a Gaililí agus a Decapolis agus a Ierúsalem, agus ó’n dtaobh thall de Iórdan.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí