Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 Mar sin leathnaigh a cháil ar fud na Síre, agus tugadh chuige na hothair, an dream a raibh plánna nó pianta orthu, nó deamhain iontu, nó titimeas nó pairilis orthu, agus leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Agus chuaidh a chliú amach ar fud na Síre go léir, agus thug siad chuige na daoine breoidhte go h-uile a bhí gaibhte ag galair agus pianta éagsamhla, iad sin a raibh deamhain ionnta, daoine a bhí as a meabhair, agus iad sin a raibh an galar creathach ortha, agus leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Chuaigh a chlú ar fud na Siria go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sórt galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

24 Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:24
41 Tagairtí Cros  

Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige.


Sa n-am san do chualaidh Héród, an tetrarc, cáil Íosa.


Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.


Agus thugas chun do dheisgiobul é, agus níor fhéadadar é leigheas.


Ansan tháinig na deisgiobuil ag triall ar Íosa, a gan fhios, agus dubhradar, Cad ’n-a thaobh nár fhéadamairne é chur amach?


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.


Agus nuair a chuadar treasna an uisge, isteach i dtír na nGerasénach, do bhuail uime beirt go raibh deamhain ionta, agus iad ag teacht amach as na h-uaghnaibh agus iad ana-mhillteach, i dtreó nár bh’fhéidir d’aoinne gabháil an tslígh sin acu.


Agus do rith na h-aodhairí; agus thánadar isteach sa chathair, agus d’innseadar gach nídh, agus i dtaobh na beirte go raibh na deamhain ionta.


Agus dubhairt sé: A Thighearna, tá mo bhuachaill sa bhaile ’n-a luighe gan lúth a ghéag, agus tá pianta móra air.


Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.


Agus do ghluais Íosa mór-thímpal, ins na cathrachaibh agus ins na bailtibh, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta.


Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir.


Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann.


Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar.


Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n-áit ’n-a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luighe ar leabaidh, an duine a bí gan lúth.


Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirig, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh?


Do deineadh an chéad áireamh so nuair a bhí Curínus i n’ uachtarán ar crích Síria.


Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.


Agus nuair eirigh Íosa ó’n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son.


Ach sin mar ba mhó do leat an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh.


Ach ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí do mhaitheamh (dubhairt sé leis an bhfear a bhí gan lúth), Eirigh, adeirim leat, agus tóg suas do thocht, agus imthigh chun do thighe féin.


Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;


Dubhairt tuille acu: Ní caint fir go mbeadh deamhan ann an caint sin; an bhféadfadh deamhan súile na ndall a dh’osgailt?


Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis.


Agus go gcurfi an sgríbhinn seo ar a lámhaibh: “Ó sna h-Aspuil, agus ó sna seanóirí, na bráithre, chun na mbráthar ngeinteach atá i n-Antioch agus i Siria agus i gCilicia, ag beannúghadh dhóibh.


Agus shiúbhluigh sé Siria agus Cilicia, ag chur misnigh ar na h-eagailsíbh, agus ’ghá rádh leó aitheanta na h-Aspol agus na seanóirí do chimeád.


Ansan, gach a raibh de dhaoine ar an oileán go raibh gearánta ortha thánadar agus do leighiseadh iad.


Mar bhí a lán acu ’na raibh spioraidí truaillighthe ionta agus go n-imthíghdís asta ag éigheamh go h-árd.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí