Matha 4:24 - An Bíobla Naofa 198124 Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)24 Mar sin leathnaigh a cháil ar fud na Síre, agus tugadh chuige na hothair, an dream a raibh plánna nó pianta orthu, nó deamhain iontu, nó titimeas nó pairilis orthu, agus leigheas sé iad. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara24 Agus chuaidh a chliú amach ar fud na Síre go léir, agus thug siad chuige na daoine breoidhte go h-uile a bhí gaibhte ag galair agus pianta éagsamhla, iad sin a raibh deamhain ionnta, daoine a bhí as a meabhair, agus iad sin a raibh an galar creathach ortha, agus leigheas sé iad. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)24 Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)24 Agus do chúaidh a chlú feadh na Síria uile: agus tugadar chuige gach áon da raibh easlán agus ar na gcuibhreadh lé gálruighthubh agus le piántúibh éugsamhla, agus agá mbidis deamhain ionnta, agus do bhíodh tinn lé goin na raé, agus luchd pailirise; agus do shlánuigh sé iád. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)24 Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201224 Chuaigh a chlú ar fud na Siria go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sórt galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad. Féach an chaibidil |
Rinne mé soláthar do theach mo Dhé chomh maith agus ab fhéidir; chuir mé breis óir leis an ór, airgead leis an airgead, cré-umha leis an gcré-umha, iarann leis an iarann, adhmad leis an adhmad, agus oinics, agus clocha luite; agus antamón, agus clocha ioldathacha, agus clocha lómhara de gach sórt, agus marmar.
Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”