Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus shiúil sé an Ghalailí ar fad, ag teagasc sna sionagóga agus ag seanmóireacht soiscéal na ríochta agus ag leigheas gach uile aicíd agus easláinte a bhíodh ar dhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Agus thaisteal Íosa an Ghailile go léir, ag teagasc ina sineagóga, agus ag seanmóir soiscéal na ríoghachta, agus ag leigheas gach galair agus gach tinnis imeasc an phobail.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus do ghluais Íosa ar fud na Galilé ar fad, ag teagasc ins na sionagógaibh, agus ag craobhscaoileadh soiscéil na ríoghachta, agus ag leigheas an uile ghalair agus breoiteachta i measc na ndaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agus do ghabh Iósa a dtimcheall na Galilé uile, ag teagasg ann a sionagóguibh, agus ag seanmóir shoisgéil na rioghachda, agus ag slánúghadh gach tinnis agus gach éagcrúais a measg an phubail.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Agus do ghluais Íosa mór-thímpal Ghaililí go léir, ag teagasg ins na sinagógaibh, agus ag craobhsgaoileadh soisgéil na rígheachta, agus ag leigheas gach galair agus gach breóiteachta d’á raibh ar dhaoine.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dhea-scéal na Ríochta, agus ag leigheas gach galair agus gach éagruais i measc an phobail.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:23
46 Tagairtí Cros  

Maitheann sé do chionta go léir duit; agus leigheasann sé d'easláintí uile.


Dúirt siad ina gcroí istigh: “Scriosaimis ar fad iad; cuirimis trí thine a bhfuil de scrínte Dé sa tír.”


tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


D'fhág sé an áit sin agus chuaigh isteach ina sionagóg.


Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.


agus ar theacht ina dhúiche féin dó, bhíodh sé ag teagasc na ndaoine ina sionagóg, ionas gur ghabh iontas iad: “Cá bhfuair sé seo,” deiridís, “an eagna seo agus na míorúiltí?


Ar theacht i dtír dó, chonaic sé slua mór agus ghlac sé trua dóibh agus leigheas na hothair a bhí leo.


Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.


“Déanaigí aithrí,” deireadh sé, “mar tá ríocht na bhflaitheas in achmaireacht.”


Ghabh Íosa ar fud na gcathracha agus na mbailte go léir, ag teagasc ina sionagóga agus ag fógairt dea-scéil na ríochta, ag leigheas gach galar agus gach éagruas.


Tar éis Eoin a bheith tugtha ar láimh, tháinig Íosa go dtí an Ghailíl ag fógairt soiscéal Dé


Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.


Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.


Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.


Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?


agus rinne sé ionadh dá ndíchreideamh. Agus ghabh Íosa timpeall ar fud na mbailte ag teagasc.


agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’


Bhí sé ag teagasc i sionagóg lá sabóide.


“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.


Aon lá amháin, agus é ag teagasc an phobail sa Teampall agus ag fógairt an dea-scéil, tháinig uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe i láthair mar aon leis na seanóirí,


Agus d'fhill Íosa le neart an Spioraid ar an nGailíl, agus leath a cháil ar fud na tíre go léir.


Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.


Ar theacht anuas dó in éineacht leo, sheas sé ar thalamh réidh, agus bhí ansin comhthionól mór dá dheisceabail agus slua mór den phobal as Iúdáia go léir agus as Iarúsailéim agus as cósta na Tuíre agus na Síodóine


Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha.


An uair sin féin leigheas sé mórán óna ngalair agus óna n‑éagruais agus ó dhrochspioraid, agus thug bua an radhairc do mhórán dall.


Agus dúirt sé leo á bhfreagairt: “Imígí agus insígí d'Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh: tá radharc ag daill, tá siúl ag bacaigh, glantar lobhair agus tá éisteacht ag bodhráin, éiríonn na mairbh, agus fógraítear an dea-scéal do bhoicht.


Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan


Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.


Dúirt sé leis: “Lig do na mairbh a mairbh a adhlacadh, ach imigh tusa agus craobhscaoil ríocht Dé.”


D'fhreagair Íosa é: “Labhair mé go poiblí leis an saol. Rinne mé teagasc i gcónaí i láthair sionagóige agus sa Teampall, mar a dtagann na Giúdaigh uile le chéile, agus níor dhúirt mé aon ní faoi rún.


Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.


Ina dhiaidh sin bhí Íosa ag gabháil thart sa Ghailíl, mar níorbh áil leis gabháil thart in Iúdáia mar go raibh na Giúdaigh ag iarraidh é a chur chun báis.


an scéal faoi Íosa ó Nazarat: mar a choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.


Bhíodh sé ag díospóireacht sa tsionagóg gach lá sabóide ag iarraidh dul i bhfeidhm ar na Giúdaigh agus ar na Gréagaigh.


“Tá a fhios agam anois nach bhfeicfidh sibhse mo ghnúis níos mó, sibhse go léir ar shiúil mé in bhur measc ag fógairt na ríochta.


Lean sé air ag fógairt ríocht Dé agus scéal an Tiarna Íosa Críost aige á theagasc go lánoscailte agus gan bac ar bith air.


Agus conas a dhéanfadh daoine é a fhógairt mura gcuirtear amach iad chuige sin? Mar atá scríofa: “Nach álainn iad cosa lucht fógartha an dea-scéil.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí