Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:7 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 Dubhairt Íosa leis: Tá rud eile sgríobhtha, leis: Ná dein fromhadh ar do Thighearna Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Arsa Íosa leis, “Tá scríofa arís, ‘Ní chuirfidh tú cathú ar do Thiarna Dia.’”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Dubhairt Íosa leis: Tá sé scríobhtha fosta: Ní chuirfidh tú féacháil ar an Tighearna, do Dhia.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Adubhairt Íosa leis, Atá scríobhtha fós, Ní chuirfidh tú cathú ar do Thighearna Dia.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 A dubhairt Iósa ris, Atá sé sgríobhtha mar an gceadna, Ní chuirfidh tú cathugadh ar an Tighearna do Dhía féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Dúirt Íosa leis: “Tá sé scríofa freisin: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:7
21 Tagairtí Cros  

Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh?


Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne.


Ansan dubhairt Íosa leis: Imthigh, a Shátain; Óir tá sgríobhtha: Adharfaidh tú do Thighearna Dia, agus beidh tú umhal dó san amháin.


Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine, ach ar an uile fhocal d’á dtagann ó bhéal Dé.


Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia.


Cad chuige dhaoibh, d’á bhrígh sin, bheith ag tathant ar Dhia go gcuirfeadh sé ar mhuinéalaibh na ndeisgiobul cuing nár fhéad ár n-aithreacha ná sinne a dh’iompar?


Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí