Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:19 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

19 Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Agus dúirt sé leo, “Leanaigí mise, agus cuirfidh mé a iascaireacht fear sibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

19 Agus deir sé leo: Leanaigidh mise, agus dhéanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Agus adubhairt sé leo, Leanaidh mise agus do‐ghéanad‐sa iascairí ar dhaoinibh dhíbh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a deir sé ríu, Leanaigh misi, agus do dhéana mé íasgairighe air dháoinibh dhibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

19 Labhair sé leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé iascairí ar dhaoine díbh.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:19
17 Tagairtí Cros  

Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.


Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.


Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),


Agus gan mhoill d’fhágadar ansan na líonta, agus do leanadar é.


Dubhairt Íosa leis, ámhthach: Lean mise, agus leig dos na mairbh a mairbh d’adhlacadh.


Agus nuair a dh’imthigh Íosa ó’n áit sin chonaic sé duine dár bh’ainim Maitiú ’n-a shuidhe i n-áit an chusduim, agus dubhairt sé leis: Lean mise. Agus d’eirigh sé agus do lean sé é.


Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.


Agus tar éis an méid sin d’imthigh sé amach, agus chonaic sé puibliocánach dár bh’ ainim Lebhí ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise.


Dubhairt sé, ámhthach, le duine eile: Leansa mise; agus dubhairt seisean: A Thighearna, leis dom dul ar dtúis agus m’athair do chur.


Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.


Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó.


Dubhairt Íosa leis: Má’s toil liom-sa é dh’fhanmhaint go dtagad, cad é sin duit-se sin? Lean-sa mise.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí