Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhairt Isaias, fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Do chum go gcoimhlionfuidthe an ní a dubhairt Esaias fáigh, noch a deir,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:14
15 Tagairtí Cros  

Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:


agus bhí sé sa n-áit sin chun go bhfuair Héród bás; Ionus go gcómhlíonfaí an focal adubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh, nuair adubhairt sé: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.


Agus tháinig sé chun cómhnuighthe sa bhaile ar a dtugtar Nasaret, ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt na fáidhe: Óir tabharfar Nasarénach air.


Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo.


Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.


Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.


Talamh Sabulon agus talamh Nephtalim, fan na faraige lastall de Iórdan, Gaililí na ngeinte:


Ionus go bhfíor-faí an chaint a dubhairt Isáias Fáidh, mar a ndubhairt sé: Do ghlac sé chuige féin ár n-easláintí agus d’fhuiling sé ár ngalara.


Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó.


Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh.


Ach ionus go gcómhlíonfaí an focal atá sgríobhtha sa dlígh atá acu: Do thugadar fuath dhom gan chúis.


I ’n-a dhiaidh san, ó bhí fhios ag Íosa go raibh gach nídh críochnuighthe, ionus go gcómhlíonfaí an scriptiúir, dubhairt sé: Tá tart orm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí