Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 ionas go gcomhlíonfaí a ndúirt an fáidh Ísáia:

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Ionnas go gcóimhlíontaí an nídh a dubhairt Isaias, fáidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Do chum go gcoimhlionfuidthe an ní a dubhairt Esaias fáigh, noch a deir,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Ionus go gcómhlíonfaí an nídh adubhairt Isáias fáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:14
15 Tagairtí Cros  

Agus do thuit seo amach chum go gcóimhlíonfaidhe an nidh adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh, g‐á rádh,


D’fhan sé annsin go bás Ioruaith, chum go gcóimhlíonfaidhe an focal adubhairt an Tighearna tríd an bhfáidh: As an Éigipt do ghlaodhas mo mhac.


agus do chómhnuigh sé i mbaile mór ar a dtugtar Nasair: chum go gcóimhlíonfaidhe na briathra adubhairt na fáidhe: goirfear Nasardha dhe.


Acht cionnas do cóimhlíonfaidhe mar sin na scrioptúirí adeir gur mar seo caithfear a bheith?


Acht tháinig an méid seo chum críche ionnas go gcóimhlíonfaidhe scrioptúirí na bhfáidh. Annsin do thréig na deisceabhail go léis é, agus do theicheadar.


agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,


Talamh Shabulón, agus talamh Neftalim, Slighe na fairrge, taobh thall de Iórnán, Galilé na nGeinte:


chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh, Do ghabh sé chuige féin ár n‐aicídeacha, agus d’fhulaing sé ár ngalair.


Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh.


Agus adubhairt sé leo, Is iad so na briathra do labhras libh, an fhaid do bhíos fós ’n‐bhúr bhfochair, gurbh éigean gach a bhfuil scríobhtha i reacht Mhaoise, agus ins na fáidhibh, agus ins na salmaibh, im’ thaobh‐sa, do chóimhlíonadh.


Acht chuige sin tharla, chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar atá scríobhtha ’n‐a ndlighe, Thugadar fuath dhom gan chúis.


I n‐a dhiaidh sin, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh gach nidh críochnuighthe, ionnas go gcóimhlíonfaidhe an scrioptúir, adubhairt sé, Atá tart orm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí