Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 agus dʼfhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus d’fhág sé cathair na Nasaire, go ndeachaidh a chómhnaidhe i gCapharnaum i n-aice na mara, i gcríocha Shabuloin agus Nephtalim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar bhfágbháil Nasárét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capearnáum, do bhí chois na fairge, a leithimeal Shabulon agus Nephtailim:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dʼfhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáúm cois na farraige, i gcríocha Zeabalan agus Naftáilí

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

13 D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:13
17 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Chafarnaúim, an suas go neamh árdóchar thú? síos go h‐ifreann ísleochar thú: óir dá ndéantaidhe i Sodom na gníomhartha éachtacha do‐rinneadh ionnat‐sa, d’fhanfadh sé ann go dtí an lá so.


Agus nuair thángadar go Cafarnaúm, tháinig lucht na cíos‐chánach do ghlacadh chum Peadair, agus adubhradar, Nach n‐íocann do mháighistir‐se an chíos‐cháin?


chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Ésáias fáidh,


Talamh Shabulón, agus talamh Neftalim, Slighe na fairrge, taobh thall de Iórnán, Galilé na nGeinte:


Agus do chuaidh sé isteach i mbád, agus d’imthigh sé anonn isteach ’n‐a chathair féin.


Agus do chuadar isteach i gCafarnaúm, agus do chuaidh sé isteach ins an tsionagóig, lá na sabóide, agus do rinne sé teagasc ann.


Agus, i gcionn roinnte laetheanta ’n‐a dhiaidh sin, do chuaidh sé isteach arís i gCafarnaúm; agus do‐chualathas go raibh sé ag baile.


Agus tusa, a Chafarnaúm, an dtógfar thú suas go neamh? síos go h‐ifreann cuirfear thú.


Agus adubhairt seisean leo, Adéarfaidh sibh liom, gan amhras, an sean‐fhocal so, A liaigh, leigheas thú féin: na neithe do‐chualamar do‐rinnis i gCafarnaúm, déan annso id’ dhúthaigh féin iad, leis.


I n‐a dhiaidh sin do chuaidh sé síos go Cafarnaúm, é féin, agus a mháthair, agus a bhráithre, agus a dheisceabail: acht níor fhanadar annsin acht beagán laethe.


Tháinig sé, mar sin, arís go Cána, mar a ndearna sé fíon de’n uisce. Agus do bhí duine uasal de lucht an ríogh ann, go raibh a mhac breoite i gCafarnaúm.


agus do chuadar isteach i mbád, agus bhíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do bhí dorchadas ann an t‐am sin, agus ní tháinig Íosa chucha.


nuair do chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisceabail annsin, do chuadar féin isteach ins na bádaibh, agus thángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa.


Adubhairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí