Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 D'fhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáum cois na farraige, i gcríocha Zabúlun agus Naftáilím

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

13 agus dʼfhág sé Nasair go ndeachaigh a bhaint faoi i gCaparnáum atá cois na farraige, i gceantar Shebúlúin agus Naftálí,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

13 Agus d’fhág sé cathair na Nasaire, go ndeachaidh a chómhnaidhe i gCapharnaum i n-aice na mara, i gcríocha Shabuloin agus Nephtalim.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 agus ag imtheacht ó Nasair dhó tháinig sé chum bheith ’n‐a chómhnaidhe i gCafarnaúm, cois na fairrge ar theorainn Shabulón agus Neftalim,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus ar bhfágbháil Nasárét, taínic sé do dhéanamh comhnuighe go Capearnáum, do bhí chois na fairge, a leithimeal Shabulon agus Nephtailim:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

13 Agus d’fhág sé Nasaret, agus chuaidh sé chun cómhnuighthe i gCapharnaum i n-aice na faraige, i gcríoch Sabulon agus Nephtalim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

13 Dʼfhág sé Nazarat agus chuir faoi i gCafarnáúm cois na farraige, i gcríocha Zeabalan agus Naftáilí

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:13
17 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú! óir, dá mba i Sodom a dhéanfaí na míorúiltí a rinneadh ionatsa, bheadh sí ann go dtí an lá inniu.


Ar theacht isteach i gCafarnáum dóibh, tháinig lucht bailithe an dá dhrachma ag triall ar Pheadar agus dúirt siad leis: “Nach n‑íocann bhur máistir an dá dhrachma?” ar siad.


chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí Íseáia fáidh:


“Talamh Zabúlun, talamh Naftáilím, bóthar na farraige, an taobh eile den Iordáin, Gailíl na gciníocha,


Ar dhul ar bord dó, chuaigh sé trasna agus tháinig isteach ina chathair féin.


Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.


Roinnt laethanta ina dhiaidh sin, ar theacht ar ais go Cafarnáum dó, fuarthas fios go raibh sé sa teach,


Agus tusa, a Chafarnáum, an ardófar chun flaithiúnais thú? Síos go hifreann a theilgfear thú!


Agus dúirt sé leo: “Gan amhras, tagróidh sibh liom an seanfhocal: ‘A lia, leighis tú féin. Na nithe a chualamar déanta i gCafarnáum, déan anseo iad freisin i do dhúiche féin.’ ”


Ansin chuaigh sé síos go Cafarnáum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a dheisceabail agus d'fhan siad ann beagán laethanta.


Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.


agus ar dhul ar bord loinge dóibh chuaigh siad trasna na farraige i dtreo Chafarnáum. Bhí an dorchacht ann feasta agus ní raibh Íosa tagtha chucu fós.


Nuair a chonaic an slua mar sin nach raibh Íosa ná a dheisceabail san áit, chuaigh siad ar bord na long agus tháinig siad go Cafarnáum ar lorg Íosa.


Dúirt sé na nithe seo i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí