Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus nuair a chuala Íosa go raibh Eoin gaibhte, d’imthigh sé chun na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus an tan do cúalaidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé;

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:12
13 Tagairtí Cros  

Agus nuair do‐chuala Eoin, agus é sa bpríosún, i dtaobh a ndearna an Críost, do chuir sé uaidh beirt d’á dheisceablaibh,


Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair.


Agus tar éis Eoin do chur i bpríosún, tháinig Íosa isteach ’sa nGalilé ag craobhscaoileadh soiscéil Dé,


Óir do chuir Ioruath daoine uaidh agus do ghabh sé Eoin, agus do chuir sé fá cheangal i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhearbhráthair; de bhrigh gur phós sé í.


Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo.


do chuir sé leo mar bhárr ar gach nidh, Eoin do chur fá ghlas bpríosún.


Agus tháinig Íosa ar ais, i gcumhacht an Spioraid, do’n Ghalilé: agus do leath a chlú ar fud na tíre uile sin, má gcuaird.


Agus do‐chuaidh sé síos go Cafarnaúm, cathair atá sa nGalilé. Agus do bhí sé ag teagasc na ndaoine, lá na sabóide;


Ba mhian leis, lá ar n‐a bhárach, dul go dtí an Ghalilé, agus fuair sé Pilib: agus adubhairt Íosa leis, Lean mise.


Do‐rinne Íosa an tosnú sin ar a mhíorbhailtibh i gCána na Galilé, agus d’fhoillsigh sé a ghlóir; agus do chreid a dheisceabail ann.


Óir do bhí Eoin gan cur sa bpríosún go fóill.


Agus tar éis an dá lá d’imthigh sé as an áit sin, isteach sa nGalilé.


Ba í sin arís an dara míorbhail do‐rinne Íosa tar a éis dó teacht ó Iúdaea isteach sa nGalilé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí