Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 4:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Agus nuair airigh Íosa Eóin a bheith ’n-a phríosúnach d’imthigh sé go Gaililí;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Anois nuair a chuala sé gur gabhadh Eoin, chuaigh sé ar a sheachnadh go Galailí;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Agus nuair a chuala Íosa go raibh Eoin gaibhte, d’imthigh sé chun na Gailile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus nuair do‐chuala Íosa gur cuireadh Eoin i bpríosún, do chuaidh sé do’n Ghalilé;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus an tan do cúalaidh Iósa gur cuireadh Eóin a láimh, do imthigh sé don Ghalilé;

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Nuair a chuala sé go raibh Eoin tugtha ar láimh, chuaigh sé i leataobh go dtí an Ghailíl.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 4:12
13 Tagairtí Cros  

Agus nuair a dh’airigh Eóin, agus é gabhtha, oibreacha Chríost, chuir sé beirt d’á dheisgiobulaibh féin ag triall air, agus dubhairt sé leis:


Óir bhí Héród tar éis Eóin do ghabháil agus do cheangal agus do chur i mbraighdineas mar gheall ar Heródias, bean a dhrithár.


Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé.


Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige.


Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo.


Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún.


Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.


Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid.


Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.


Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.


Óir bhí Eóin fós gan cur isteach sa phríosún.


Ach tar é s dá lá d’fhág sé an áit agus d’imthigh sé go Gaililí.


B’é sin airís an tarna gníomh mírbhúilteach a dein Íosa tar, éis teacht dó ó Iúdaéa isteach i nGaililí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí