Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL II. Uisge á atharú i n’fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amach as an dteampul.

1 Agus an trímhadh lá bhí pósadh d’á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann.

2 Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun na baineise.

3 Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu.

4 Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.

5 Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh, deinidh é.

6 Agus bhí sa n-áit sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe, do réir nóis na n-Iúdach; agus do raghadh dó nó trí mheadraibh ins gach dabhach díobh.

7 Dubhairt Íosa leó: Líonaidh na dabhacha d’uisge. Agus do líonadar iad go bara.

8 Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do rugadar.

9 Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n’fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharraing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-phósta,

10 Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne an fíon fóghanta an bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn chómh maith. Ách do choimeádais-se an fíon fóghanta go dtí so.

11 Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.

12 Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a deisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.

13 Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem.

14 Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu ’á dhíol, agus caoire, agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil ’n-a suidhe ann.

15 Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha.

16 Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m’Athar.

17 Ansan do chuimhnigh a deisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: Tá díogras do thíghe a’m ithe.

18 Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo?

19 D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin.

20 Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin?

21 Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint.

22 Agus nuair a d’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.

23 Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh.

24 Ach níor thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith aige ar an uile dhuine,

25 Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí