Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun na baineise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh freisin chun na bainise.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus bhí cuireadh chun na bainfheise ag Íosa fosta, agus ag a dheisciobail.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus fuair Íosa agus a dheisceabail cuireadh chum na bainse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do goireadh Iósa fós agus a dheisciobail, chum an phósda,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Fuair Íosa cuireadh chun an phósta freisin, agus a dheisceabail.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:2
30 Tagairtí Cros  

Ní dhéanfaidh sé aighneas, agus ní dhéanfaidh sé collóid; agus ní cloisfar a guth ins na sráidibh.


Agus déarfaidh an Rí ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid a dheineabhair é do dhuine de’n chuid is suaraíghe de m’bráithribh anso, do dheineabhair dómh-sa é.


Ansan déarfaidh sé ’ghá bhfreagra: Go deimhin adeirim libh, an fhaid nár dheineabhair d’aoinne de’n mhuintir suarach so é ’níor dheineabhair dómh-sa é.


Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a deisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.


Ansan do chuimhnigh a deisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: Tá díogras do thíghe a’m ithe.


Agus nuair a d’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.


Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu.


Ansan do thainig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus ag déanamh baiste.


(bíodh nár bh’ é Íosa a bhí ag baisteadh ach a dheisgiobuil),


Agus dubhairt na deisgiobuil eatartha féin: An féidir gur thug aoinne rud le n-ithe chuige?


Dubhairt Íosa léi: Tabhair dhom deoch. Óir bhí a dheisgiobuil imthighthe isteach sa chathair ag ceannach bídh.


Nuair a bhíodar lán-tsásta dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bailíghidh an mion-arán atá fágtha, sar a raghadh sé amú.


Agus nuair a bhí sé ’n-a thráthnóna do chuaidh a dheisgiobuil síos chun na faraige.


Dubhairt sé an chaint sin i gCapharnaum agus é ag teagasg sa tsinagóig.


Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht.


Ansan do tharraing a lán d’á dheisgiobuil siar, agus níor shiubhladar leis a thuille.


Agus creidimíd-ne agus tá fhios againn gur tu Críost Mac Dé.


D’fhreagair Íosa iad: Nár dheinear-sa an dáréag agaibh do thoghadh?


Dubhairt duine dhá dheisgiobuil leis, Aindrias, driotháir Shímóin Peadar:


Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú.


Agus thugadar bliain iomlán i gcómhluadar na h-eagailse ann, agus dheineadar pobhal mór do theagasg, i dtreó gur i n-Antioch a tugadh ar dtúis Críostaidhthe ar na deisgiobuil.


Agus do bheartuigh na deisgiobuil, gach aoinne do réir a ghustail, cabhair a chur ag triall ar na bráithre a bhí ’n-a gcómhnuighe i nIúdaéa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí