Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 2:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus dúirt Íosa léi, “A bhean úd, cad chuige a bhfuil tú dom? Níl an uain agam go fóill.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus deir Íosa léi: Cad é sin damh-sa agus duit-se, a bhean? Ní tháinic m’uair-se go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus adubhairt Íosa léi, Caidé sin duit‐se nó damh‐sa, a bhean? ní tháinig m’uair‐se go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 A dubhair Iósa ría, Créud é sin damhsa na dhuitse, a bhean? Ni tháinic múairse fós.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dúirt Íosa léi: “Cad ab áil leat díom, a bhean? Níl mʼuairse tagtha fós.”

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 2:4
20 Tagairtí Cros  

Ansan d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé léi: A bhean, is mór é do chreideamh. Deintear duit mar is mian leat. Agus do slánuigheadh a h-inghean ó’n uair sin.


Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn?


Agus dubhairt sé leó: Cad chuige go rabhabhair ar mo lorg? Ná raibh ’fhios agaibh nách foláir mé bheith ins na neithibh a bhaineann le m’Athair?


Ach d’fhreagair Íosa iad agus dubhairt sé: Tháinig an uair chun glóire thabhairt do Mhac an Duine.


Roimh lá fhéile na cásga, ó bhí fhios ag Íosa go raibh a thráth tagaithe chun imtheacht as an saoghal so ag triall ar an Athair: ó thug sé grádh d’á mhuíntir féin, do ghrádhuigh sé iad go deire.


Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu.


Dubhradar léi: A bhean, cad fé ndeara dhuit bheith ag gol? Dubhairt sí leó: Mar do thógadar mo Thighearna, agus ní fheadar cár chuireadar é.


Dubhairt Íosa léi: A bhean, cad sé ndeara dhuit bheith ag gol? Cé atá uait? Cheap sisi gur ghárdnóir é, agus dubhairt sí leis: A dhuine mhacánta, má’s tusa a thóg é, innis dam cár chuiris é, agus béarfad liom é.


Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air, ach níor chuir aoinne lámh ann mar ní raibh a thráth tagaithe fós.


Agus dubhairt Íosa leó: Níor tháinig mo thráth-sa fós; ach tá bhúr dtráth-sa ollamh i gcómhnuighe.


Téighidh-se suas chun na féile seo, ach ní’lim-se ag dul suas chun na féile seo, mar ní’l m’aimsir tagaithe fós.


Do labhair Íosa na focail sin i n-áit choimeádtha an chiste, agus é ag teagasg sa teampul; agus níor rug aoinne air, mar ní raibh a thráth tagaithe fós.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí