Eoin 2:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)9 Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n’fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharraing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-phósta, Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)9 Nuair a bhlais maor na coirme an t‑uisce a bhí anois ina fhíon, agus é in ainbhios faoi cá has ar tháinig sé (cé go raibh a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t‑uisce), ghlaoigh maor na coirme ar an bhfear nuaphósta Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara9 Agus nuair a bhlais uachtarán an fhéasta an t-uisce a ndearnadh fíon de, gan fios aige cárbh as dó, acht bhí a fhios sin ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce: glaodhann uachtarán an fhéasta ar an fhear nuapósta, Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)9 Agus nuair do bhlais uachtarán na fleidhe an t‐uisce ’n‐a fhíon, agus gan a fhios aige cad as é (acht do bhí a fhios ag na seirbhíseachaibh do tharraing an t‐uisce), do ghlaodh uachtarán na fleidhe ar an bhfear nua‐phósta, Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)9 Agus mar do bhlais úachdarán an fhéusda an tuisge do bhí déunta na fhíon, (agus ní raibh a fhios aige créd as a dtáinic sé: achd do bhi a fhios ag an luchd friothóilmhe do tharraing an tuisge;) do ghoir úachdarán an fhéusda an fear núaphósda chuige, Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20129 Rug siad, agus nuair a bhlais máistir na fleá an t-uisce ina fhíon, agus gan a fhios aige cár tháinig sé as (bhí a fhios, áfach, ag an lucht freastail a tharraing an t-uisce) ghlaoigh an máistir ar an bhfear nuaphósta, Féach an chaibidil |