Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Lúcás 11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus tharla, agus é ag déanamh urnaighe i n‐áit áirithe, go ndubhairt duine d’á dheisceablaibh leis, nuair do stad sé, A Thighearna, múin dúinne urnaighe do dhéanamh, fá mar mhúin Eoin d’á dheisceablaibh féin.

2 Agus adubhairt sé leo, Nuair do‐ghní sibh urnaighe, abraidh, A Athair, Go naomhthar t’ainm. Go dtigidh do ríoghacht.

3 Tabhair dhúinn ár n‐arán le h‐aghaidh an lae.

4 Agus maith dhúinn ár bpeacaidhe; mar mhaithimíd‐ne dhóibh‐sean ar a bhfuil fiacha againn. Agus na seol i gcathú sinn.

5 Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíobh‐se, go mbéidh cara aige, agus go rachaidh sé chuige i lár na h‐oidhche, agus go n‐abróchaidh sé leis, A chara, tabhair trí bollóga aráin ar iasacht dom;

6 óir tháinig cara ar turas chugam, agus ní fhuil éinnidh agam le cur ’n‐a chómhair;

7 agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit.

8 Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh.

9 Agus adeirim libh, Iarraidh, agus do‐bhéarfar daoibh; loirgidh, agus do‐gheobhaidh sibh; buailidh, agus fosclóchar daoibh.

10 Óir gach aoinneach iarras, glacann sé; agus an té loirgeas, gheibheann sé; agus do’n té bhuaileas, fosclóchar.

11 Agus cia h‐é an t‐athair agaibh go n‐iarrfaidh a mhac bollóg aráin air, agus gur cloch bhéarfas sé dhó? nó iasc, agus i n‐ionad éisc gur nathair nimhe bhéarfas sé dhó.

12 Nó dá n‐iarradh sé ubh, an scairp do‐bhéaradh sé dhó?

13 Ar an adhbhar sin, má’s eol daoibh‐se, agus sibh go h‐olc, deagh‐thabhartais do bhronnadh ar bhúr gclainn, nach mó go mór bhronnfas bhúr nAthair atá ar neamh an Spiorad Naomh ortha‐san iarras air é?

14 Agus do bhí sé ag caitheamh deamhain do bhí balbh amach. Agus tharla, nuair do bhí an deamhan imthighthe amach, gur labhair an balbhán; agus do‐rinne an sluagh iongnadh dhe.

15 Acht do bhí cuid aca adubhairt, Is tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan, chaitheas sé na deamhain amach.

16 Agus d’iarr cuid eile aca cómhartha ó neamh air, g‐á thriail.

17 Acht do b’eol dó a smaointe, agus adubhairt sé leo, Gach ríoghacht atá deighilte ’n‐a coinnibh féin, téigheann sí chum donachta; agus líon tighe atá deighilte i gcoinnibh lín tighe, tuiteann sé.

18 Agus má atá Sátan deighilte ann féin, cionnas sheasfas a ríoghacht? óir adeir sibh‐se gur tré Bhelsibub chaithim‐se amach na deamhain.

19 Agus má’s tré Bhelsibub chuirim‐se na deamhain amach, cia thríd chaitheas bhúr gclann féin amach iad? D’á bhrigh sin is iad‐san bhéarfas breith oraibh.

20 Acht má’s le cumhacht Dé chuirim‐se na deamhain amach, annsin atá ríoghacht Dé tagtha chugaibh.

21 Nuair bhíos fear tréan, gléasta i n‐arm ag cosaint a chúirte féin, bíonn síothcháin ar a bhfuil aige:

22 acht nuair thig duine is treise ’ná é g‐á ionnsaighe, agus do‐bheir sé buaidh air, tógann sé uaidh a chuid arm ar a raibh a sheasamh, agus roinneann sé a chuid éadála.

23 An té nach bhfuil liom atá sé im’ aghaidh; agus an té nach bhfuil ag cruinnuí mar aon liom, atá sé ag scaipeadh.

24 Nuair bhíos an spioraid neamh‐ghlan imthighthe as an duine, gluaiseann sí tré áiteannaibh tiorma ar lorg suaimhnis: agus nuair nach mbíonn sin le fágháil aici, adeir sí, Fillfead chum mo thighe as a dtáinig mé amach.

25 Agus ar dteacht dí, do‐gheibh sí an teach scuabtha, deisighthe.

26 Imthigheann sí annsin agus do‐bheir sí léi seacht spioraidí eile is measa ’ná í féin; agus téid siad‐san isteach agus do‐ghní siad cómhnaidhe ann: agus is measa staid an duine sin sa deireadh ’ná do bhí a chéad staid.

27 Agus tharla, le linn cainnte dhó, gur labhair bean de ghuth árd as an sluagh, agus adubhairt sí, Is beannuighthe an bhroinn d’iomchair thú, agus na cíocha do dheolais.

28 Acht adubhairt seisean, Abair ’n‐a ionad sin, Is beannuighthe iad‐san éisteas le briathar Dé agus choimhéadas é.

29 Agus nuair do bhí na sluaighte ag cruinniú chuige, do thosnuigh sé ar a rádh leo, Droch‐chineadh is eadh an cineadh so: atá sé ag tóraidheacht cómhartha; agus ní tabharfar cómhartha dhó acht cómhartha Iónáis.

30 Óir fá mar bhí Iónás ’n‐a chómhartha do mhuinntir Ninibhe, is mar sin bhéas Mac an Duine ’n‐a chómhartha do’n chineadh so.

31 Éireochaidh ríoghan an domhain theas sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh muinntire an chinidh seo, agus bhéarfaidh sí daoir‐bhreith ortha: óir tháinig sise ó imeallaibh an domhain chum éisteachta le h‐eagna Sholaimh; agus féach, atá duine is mó ’ná Solamh annso.

32 Éireochaidh muinntear Ninibhe sa mbreitheamhnas i n‐aghaidh an chinidh seo, agus bhéarfaidh siad daoir‐bhreith air: óir do‐rinneadar‐san aithrighe ar fhógairt Iónáis, agus féach, atá duine is mó ’ná Iónás annso.

33 Aoinneach lasas lóchrann, ní i soiléar chuireas sé é, ná fá bhéal buiséil, acht cuireann sé ar stáitse é, chum go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.

34 Is í do shúil solas do chuirp: nuair bhíos do shúil glan, bíonn do chorp uile soillseach, chómh maith; acht nuair bhíos sí go h‐olc, bíonn do chorp sa dorchadas.

35 Tabhraidh aire, d’á bhrigh sin, nach dorchadas an solas atá ionnat.

36 D’á bhrigh sin, má bhíonn do chorp uile soillseach, gan aon chuid de bheith dorcha, béidh sé soillseach go h‐iomlán, de réir mar shoillsigheann lóchrann thú agus é ag deallrú go geal‐ghlan.

37 Le linn na cainnte sin dó, d’iarr Fairisíneach air béile do chaitheamh ’n‐a fhochair: agus do chuaidh sé isteach, agus do shuidh sé síos chum bidh.

38 Agus ba mhór ba iongnadh leis an bhFairisíneach, agus é ag féachain air, nár nigh sé é féin roimh an mbéile.

39 Agus adubhairt an Tighearna leis, Nach breagh mar ghlanann sibh‐se, a Fhairisíneacha, an taobh amuigh de’n chupán agus de’n phláta; acht bíonn sibh líonta istigh de shainnt agus de chuirptheacht.

40 A dhaoine gan chiall, an té do‐rinne an taobh amuigh, nach ndearna sé an taobh istigh mar an gcéadna?

41 Acht, i dtaobh a bhfuil istigh, tabhraidh déirc uaibh; agus féach, sin é gach uile nidh glan daoibh.

42 Acht is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir gearrann sibh an deachmhadh ar an miontas, agus ar an ruibh, agus ar gach uile luibh, agus ní chuireann sibh suim i mbreitheamhnas ná i ngrádh Dé: acht ba cheart daoibh aire do thabhairt daoibh seo gan faillighe do dhéanamh ionnta súd.

43 Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha! óir is breagh libh na suidheacháin uachtaracha ins na sionagógaibh, agus daoine ag beannú dhaoibh i n‐áiteannaibh an mhargaidh.

44 Is mairg daoibh! óir is cuma sibh nó na tuamaí nach bhfeictear, agus nach eol dóibh‐sean shiubhlas ortha iad do bheith ann.

45 Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlighe, agus adubhairt sé leis, A Mháighistir, nuair adeirir an méid sin do‐bheirir masla dhúinne, leis.

46 Agus adubhairt sé, Is mairg daoibh‐se, leis, a lucht dlighe! óir cuireann sibh ualaighe ar na daoinibh thar a riocht, agus ní chuireann sibh féin oiread agus bárr méire ar aon ualach díobh.

47 Is mairg daoibh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus gurbh iad bhúr sinnsir do mharbh iad.

48 Mar sin do‐bheir sibh fiadhnaise go bhfuil sibh ar aon inntinn le n‐bhúr sinnsearaibh ’n‐a ngníomharthaibh: do marbhadar‐san iad, agus tógann sibh‐se leachta.

49 Ar an adhbhar sin adubhairt eagna Dé, Cuirfead fáidhe agus abstail chuca; agus marbhócaid cuid aca, agus do‐ghéanaid géirleanamhain ortha;

50 chum go n‐eileochar ar an gcineadh so ar doirteadh d’fhuil na bhfáidh go léir ó bhunadh an domhain;

51 ó fhuil Aibéil go fuil Shachariais do marbhadh idir an altóir agus an sanctóir: go fírinneach adeirim libh, éileochar é ar an gcineadh so.

52 Is mairg daoibh, a lucht na dlighe! óir do thógabhar libh eochair an eolais: ní dheachabhar féin isteach, agus do choisceabhar iad‐san do bhí ag dul isteach.

53 Agus nuair do bhí sé imthighthe as an áit sin, do thosnuigh na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh ar aighneas do chur air go dian, g‐á spreagadh chum cainnte ar mhórán neithe,

54 ag faire na faille air, le súil go bhfaghfaidís focal ó n‐a bhéal do bhraithfeadh é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí