Lúcás 11:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)8 Adeirim libh, Muna n‐éireochaidh sé chum rud do thabhairt dó, toisc gur cara leis é, éireochaidh sé mar gheall ar a shíor‐thathant, agus do‐bhéarfaidh sé dhó cibé nidh atá uaidh. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)8 Tá mise á rá libh, siúd is nár thoil leis éirí ná aon ní a thabhairt dó mar mhaithe le é bheith ina chara aige, ach as siocair é leanúint de á agairt air, éireoidh sé agus tabharfaidh sé dó cibé rud atá uaidh. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara8 Agus dá leanadh seisean de bhualadh, deirim libh, bíodh nach n-éireochadh sé le rud a thabhairt dó, as siocair gurab é a charaid é, éireochaidh sé, mar gheall ar a shíor-iarraidh, agus bhéarfaidh sé dó a oiread agus bhéas do dhíth air. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)8 A deirim ribh, ar néirghe dhó, dá mbeith nach dtiobhradh sé sin úadh, ar son gur chara dhó é, gidheadh go fírinneach ar son a liosdachda do éiréochadh sé, agus do bhéaradh sé dhó an mhéid do bhiadh do riachdanus air. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)8 Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná n-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20128 deirim libh, ach mura n-éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó a oiread is a bhíonn de dhíth air. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19818 deirim libh, ach mura n‑éirí sé agus iad a thabhairt dó de chionn gur cara dó é, mar sin féin, de chionn a mhínáirí atá sé, éireoidh agus tabharfaidh dó oiread is a bhíonn de dhíth air. Féach an chaibidil |