Lúcás 11:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)7 agus go n‐abróchaidh seisean atá istigh, Ná bí ag cur buaidheartha orm; atá an doras dúnta anois, agus atá mo chlann i n‐éinfheacht liom sa leabaidh; ní féidir liom éirghe agus rud do thabhairt duit. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)7 agus beidh seisean á fhreagairt mar seo istigh, ‘Ná bí do mo bhuaireamh; tá an doras druidte anois, agus mo pháistí ar aon leaba liom; ní féidir liom éirí aníos ná ní féidir liom aon ní a thabhairt duit.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara7 Agus go n-abróchadh seisean ó’n taoibh istigh, ghá fhreagairt: Ná bí mo bhodhradh, óir tá an doras druidthe anois agus tá mo chlann san leabaidh i mo theannta: ní thig liom éirghe agus tabhairt duit. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)7 Agus go bhfreigeóradh seision a sdigh, agus go naibeóradh sé, Na cuir búaidhreadh oram: atá an doras dúntí a nois, agus ataíd mo chlann am fhochair sa tseómra; ní fhéaduim éirghe agus a dtabhairt dhuit. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)7 Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a’m chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am’ theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabhairt duit; Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20127 agus go ndéarfaidh an fear istigh dá fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mé féin is mo chlann sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’;– Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 19817 agus go ndéarfaidh an fear istigh á fhreagairt: ‘Ná bí do mo bhuaireamh, óir tá an doras dúnta anois agus mo chlann is mé féin sa leaba, ní féidir dom éirí chun iad a thabhairt duit’; - Féach an chaibidil |
Chómh luath agus bhéas fear an tighe éirighthe, agus doras an tighe dúnta aige, agus thosnuigheas sibh‐se ar bheith ’n‐bhúr seasamh amuigh, agus ar an doras do bhualadh, g‐á rádh, A Thighearna, foscail dúinn; agus freagróchaidh seisean agus adéarfaidh sé libh, Ní fhuil a fhios again cad as daoibh‐se;